Réamhrá

Ceanglaíonn Alt 8 d’Acht um Shaoráil Faisnéise (SF), 2014, ar chomhlachtaí poiblí faisnéis a chur ar fáil maidir lena struchtúir, feidhmeanna, cumhachtaí agus na seirbhísí a chuireann siad ar fáil don phobal mar aon le sonraí maidir leis na cineálacha taifead a choimeádann siad agus na nósanna imeachta agus na cleachtais ar a bhfuil a gcuid oibre bunaithe.   An Scéim Foilseacháin a thugtar air seo.  Is é aidhm na Scéime faisnéis a fhoilsiú faoi chomhlachtaí poiblí lasmuigh den Acht SF ar mhaithe le breis oscailteachta, trédhearcachta agus cuntasachta.

Tá faisnéis maidir le Scéim Foilseacháin Oifig an Choimisinéara Faisnéise le fáil thíos.

Tá an fhaisnéis thíos cothrom le dáta agus más gá cuirfear cóip chrua ar fáil ar féidir breathnú uirthi má dhéantar coinne.

Faisnéis maidir le hOifig an Choimisinéara Faisnéise

Maidir linne agus an obair a dhéanaimid

Is í príomhfheidhm Oifig an Choimisinéara Faisnéise cinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí faoi Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, (Acht SF) a athbhreithniú.

Bunaíocht

Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Faisnéise (an Oifig) faoi Achtanna SF 1997-2003 agus d’fhoráil Acht SF 2014 do leanúint den Oifig, chun críche athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar chinntí a dhéanann comhlachtaí poiblí maidir le hiarraidh le haghaidh rochtana ar thaifid agus chun leanúint le hathbhreithniú a dhéanamh go ginearálta ar oibriú an Achta SF.

Róil agus Freagrachtaí

Is é ról agus freagrachtaí na hOifige na ceanglais atá bunaithe faoin Acht SF a chomhlíonadh. Bunaítear san Acht cearta reachtúla áirithe le haghaidh gach duine:

  • An ceart rochtain a fháil ar fhaisnéis atá á coimeád ag comhlachtaí poiblí
  • An ceart faisnéis oifigiúil a bhaineann leat a leasú sa chás go bhfuil an fhaisnéis sin neamhiomlán, mícheart nó míthreorach
  • An ceart cúiseanna a fháil le haghaidh cinntí a bhfuil tionchar acu ort.

Cuireann an tAcht SF ar chumas daoine aonair rochtain a bheith acu, a mhéid is féidir é, ar fhaisnéis oifigiúil, i gcomhréir le leas an phobail agus leis an gceart chun príobháideachta.

Feidhmeanna an Choimisinéara Faisnéise

Seo a leanas príomhfheidhmeanna an Choimisinéara:

  • Athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí atá déanta ag comhlachtaí poiblí a bhaineann le hiarrataí SF nuair a iarrann iarratasóir a leithéid.  Féadfaidh an Coimisinéir cinntí den sórt sin a dhaingniú, a athrú nó a neamhniú. Má neamhnítear an cinneadh, féadfaidh an Coimisinéir cinneadh nua a dhéanamh
  • Oibriú an Achta a athbhreithniú go leanúnach agus é mar aidhm comhlíonadh uasta a chinntiú.  D’fhéadfadh go mbeadh imscrúdú ar oibriú an Achta SF i gceist leis seo, go ginearálta agus i ndáil le comhlachtaí poiblí áirithe
  • D’fhonn tacú le cultúr d’oscailteacht agus de thrédhearcacht i measc comhlachtaí poiblí trí fhaisnéis a bheith á foilsiú acu go deonach maidir lena ngníomhaíochtaí a sháraíonn an méid a bhfuil dualgas orthu é a fhoilsiú faoin Acht SF
  • Tráchtaireachtaí maidir le hoibriú praiticiúil an Achta SF a ullmhú agus a fhoilsiú.

Taifid arna sealbhú ag an Oifig

Baineann raon na dtaifead atá arna sealbhú ag an Oifig leis na catagóirí ginearálta seo a leanas (d’fhéadfadh go mbeadh dúbailt áirithe i gceist)

Taifid Riaracháin Inmheánacha

  • Taifid Pearsanra
  • Taifid Chuntasaíochta
  • Clár Sócmhainní
  • Treoirlínte agus Ciorcláin na Státseirbhíse/na Seirbhíse Poiblí
  • Clúdach sna Meáin a Foilsíodh, lena n-áirítear gearrthóga nuachtáin
  • Óráidí agus Láithreoireachtaí tugtha ag an gCoimisinéir/comhaltaí foirne na hOifige
  • Teagmhálacha le comhlachtaí poiblí lena n-áirítear ainmneacha oifigeach idirchaidrimh do gach comhlacht lena mbaineann an tAcht SF
  • Nótaí agus miontuairiscí cruinnithe bainistíochta agus foirne agus na doiciméid ghaolmhara
  • Taifid a bhaineann le foilsiú tuarascálacha e.g. tuarascálacha bliantúla, lena n-áirítear taifid a bhaineann le haistriúchán, tairiscintí, dearadh agus priontáil
  • Bainistiú shuíomh gréasáin an Choimisinéara
  • Bainistiú athbhreithnithe cáis
  • Staitisticí maidir le hathbhreithnithe cáis
  • Iarrataí SF ar rochtain ar thaifid atá á gcoimeád ag an Oifig
  • Iarratais ar chinntí SF a athbhreithniú lasmuigh de dhlínse an Choimisinéara
  • Iarratais faoin Acht um Chosaint Sonraí ar rochtain ar thaifid atá á gcoimeád ag an Oifig
  • Fiosrúcháin agus comhfhreagras ginearálta

Beartas

  • Teagmhálacha leis an Roinn Caiteachais Phoiblí & Athchóirithe
  • Teagmhálacha le Coistí Oireachtais
  • Cinntí/Comhfhreagras le hoifigí comhionanna i ndlínsí eile

Reachtaíocht agus ábhar gaolmhar

  • Plé leis an Láraonad Beartas sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir le hoibriú an Achta SF agus an t-athbhreithniú ar an gcreat SF atá á dhéanamh i láthair na huaire
  • Plé le comhlachtaí poiblí maidir le hoibriú na nAchtanna SF

Treoracha/Treoirlínte Foirne

  • Nósanna imeachta chun iarratais ar athbhreithniú agus fiosrúcháin a láimhseáil
  • Lámhleabhair nósanna imeachta TFC
  • Ábhair ionduchtaithe do bhaill foirne nua
  • Socruithe idirchaidrimh le comhlachtaí poiblí

Athbhreithnithe/Imscrúduithe de chuid an Choimisinéara

  • Cumarsáid leis an iarrthóir, an comhlacht poiblí agus aon tríú páirtithe ábhartha
  • Taifid a bhaineann le cinntí SF atá á n-athbhreithniú ag an gCoimisinéir
  • Aighneachtaí ó pháirtithe lena mbaineann i ndáil le hathbhreithniú/le himscrúdú
  • Comhairle dlí atá curtha ar fáil don Oifig
  • Cinntí an Choimisinéara Faisnéise
  • Taifid eile a bhaineann le hathbhreithnithe agus le himscrúduithe, lena n-áirítear sonraí réitithe, sonraí maidir le dúnadh cásanna, imscrúduithe, anailís, agus tráchtaireacht oifigeach de chuid na hOifige

Feidhmeanna agus dualgais eile an Coimisinéara faoin Acht SF

  • Tuarascálacha maidir le hoibriú an Achta SF
  • Tuarascálacha bliantúla
  • Taifid a bhaineann le Teastais Aireachta
  • Taifid a bhaineann le neamhnochtadh taifead

Socruithe Rialachais agus Bainistíochta

Tá an Oifig seo tiomanta do struchtúir, próisis agus córais dea-chleachtais a thacaíonn le feidhmiú rathúil dualgas ar bhealach eiticiúil, cuntasach, trédhearcach agus éifeachtach. Tá sonraí maidir le socruithe rialachais na hOifige le fáil sa doiciméad dar teideal Creat Rialachais Chorparáidigh, ina sonraítear na córais, prionsabail agus próisis atá mar bhonn le treorú agus rialú na hOifige.

Pleananna & Straitéisí Corparáideacha

Chomh maith leis sin, cuireann an Oifig le, agus tá sí á treorú ag Ráiteas Straitéise Oifig an Ombudsman.   Tá a Ráiteas Straitéise don tréimhse 2022-2024 á ullmhú ag an Oifig faoi láthair agus nuair a bheidh bailchríoch curtha air cuirfear an Ráiteas nua ar fáil anseo.

Tuarascáil Bhliantúil

Tá Tuarascálacha Bliantúla na hOifige le fáil ar an suíomh gréasáin ag Tuarascálacha Bliantúla.

Struchtúr Eagraíochtúil

Struchtúr na hOifige

Coimisinéir:

Ger Deering

Stiúrthóir Ginearálta:

Elaine Cassidy

Imscrúdaitheoirí Sinsearacha:

Stephen Rafferty agus Deirdre McGoldrick (Príomhoifigigh)

Imscrúdaitheoirí:

12 Phríomhoifigeach Cúnta (10.8 WTE)

Oifigigh Imscrúdúcháin:

5 Oifigeach Riaracháin

Aonad Tacaíochta:

1 Ardoifigeach Feidhmiúcháin, 2 Oifigeach Feidhmiúcháin agus 3 Oifigeach Cléireachais

Grádú Pá

Feidhmíonn an Coimisinéir Faisnéise mar Ombudsman freisin, agus mar Choimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil. Chomh maith leis sin, is comhalta ex officio é an tOmbudsman den Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPO), an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, an Coimisiún Reifrinn agus an Coimisiún um Thoghlaigh. Tá a thuarastal comhionann le tuarastal Ard-Rúnaí Grád III sa Státseirbhís.

Ar an gcuma chéanna, feidhmíonn an tArd-Stiúrthóir mar Ard-Stiúrthóir d’Oifig an Ombudsman, Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis agus Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil. Tá an tuarastal comhionann le tuarastal Rúnaí Cúnta sa Státseirbhís.

Tá scálaí tuarastail státseirbhíseach le fáil sa chiorclán atá ar fáil ag an nasc seo a leanas:

Tuarastail ó Ard-Rúnaí go hOifigeach Cléireachais (CO)

Suíomh na hOifige

Tá an Oifig suite ag 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773

Uaireanta oscailte: idir 9.15 agus 5.00 Luan go hAoine.

Tá treoracha chuig an Oifig le fáil anseo: Déan Teagmháil Linn

Sonraí Teagmhála

Post: Oifig an Choimisinéara Faisnéise, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773.

Teileafón: +353-1-639 5689

Facs: (01) 6395676

Ríomhphost: info@oic.ie

Fiosrúcháin ó na Meáin

Déan teagmháil le David Nutley, Aonad Cumarsáide, Oifig an Ombudsman

Teileafón: 01 639 5610 nó 086 023 1420

R-phost: david.nutley@ombudsman.ie

Cairt Custaiméirí 

Sonraítear sa Chairt Seirbhísí do Chustaiméirí ár ngealltanais agus na caighdeáin seirbhíse is féidir leat a bheith ag súil leo. Tá an fhaisnéis seo le fáil anseo.

Cód Cleachtais

Is státseirbhísigh i Státseirbhís an Stáit iad baill foirne na hOifige agus, dá réir sin, tá siad faoi cheangal ag Cód Caighdeán agus Iompair na Státseirbhíse.

 

B. Seirbhísí a Chuirtear ar Fáil don Phobal

An tseirbhís atá á soláthar againn

Féadfaidh an Coimisinéir na cinntí seo a leanas a rinneadh faoin Acht SF a athbhreithniú:

  1. Cinneadh na taifid ar fad a iarradh a sholáthar;
  2. Cinneadh taifead iomlán a sholáthar;
  3. Cinneadh an taifead a sholáthar san fhormáid a iarradh;
  4. Cinneadh deonú rochtain ar an taifead a iarchur;
  5. Cinneadh diúltú faisnéis phearsanta a cheartú;
  6. Cinneadh faoi alt 10 a chiallaíonn nach mór cúiseanna a shonrú le haghaidh gníomhaíochtaí comhlachtaí poiblí a dhéanann difear ábhartha do dhuine;
  7. Cinneadh táille a ghearradh nó éarlais a lorg sula gcuirtear faisnéis ar fáil;
  8. Cinneadh taifid a chur ar fáil ar mhaithe le leas an phobail sa chás go bhfuil faisnéis atá pearsanta sna taifid, gur tugadh an fhaisnéis i modh rúin don chomhlacht poiblí nó go bhfuil an fhaisnéis íogair ó thaobh tráchtála de;
  9. Cinneadh síneadh a chur leis an teorainn ama a bhaineann le cinneadh a dhéanamh maidir le hiarraidh le haghaidh rochtana.

I bhformhór na gcásanna, ní féidir leis an gCoimisinéir glacadh le hiarratas ar athbhreithniú ach má bhain an t-iarrthóir tairbhe as sásra athbhreithnithe inmheánaigh a bhfuil an comhlacht féin freagrach as.  Tá dhá eisceacht ann:

  • Má rinne ceannasaí an chomhlachta poiblí an cinneadh tosaigh; nó
  • Cinntí a bhfuil cur síos déanta orthu ag 7, 8 agus 9 thuas mar aon le roinnt cinntí atreoraithe a bhfuil cur síos déanta orthu ag 4 thuas


Féadfaidh an Coimisinéir cinneadh a dhéanamh gan cinneadh a athbhreithniú sa chás go bhfuil feidhm le teastas aireachta faoi alt 34 den Acht SF. Tá foráil in alt 34 a chiallaíonn gur féidir le hAire Rialtais, trí theastas, a fhógairt go bhfuil taifead díolmhaithe ó raon feidhme an Achta SF ar na forais seo a leanas, “tá sé sách íogair nó sách tromaí chun gur chóir dó/di déanamh amhlaidh.”

Féadfaidh an Coimisinéir diúltú iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh sa chás go mbreithnítear go bhfuil an t-iarratas suaibhreosach nó cráiteach nó sa chás go mbaineann an t-iarratas le ní ar ábhar athbhreithnithe eile atá ann

Conas is féidir ár seirbhís a rochtain?

Má tá athbhreithniú ar chinneadh á lorg agat ní mór duit iarratas a chur faoi bhráid an Choimisinéara laistigh de teorainneacha ama sonracha. Go hiondúil, ba cheart iarratas ar athbhreithniú a chur faoi bhráid an Choimisinéara laistigh de 6 mhí ó fhógra a bheith faighte agat maidir leis an gcinneadh. Tá rogha ag an gCoimisinéir síneadh a chur leis an teorainn ama seo – chomh fada agus a chinneann sé – sa chás gur dóigh leis go bhfuil forais réasúnacha ann chun é sin a dhéanamh.

Go ginearálta, tá teorainn ama coicíse i gceist sna cásanna seo a leanas:

  1. Baineann an cinneadh le síneadh a chur leis an teorainn ama atá sonraithe don chomhlacht poiblí chun iarraidh SF a phróiseáil;
  2. Baineann an cinneadh le cás inar bhraith comhlacht poiblí ar leas an phobail chun taifead a chur ar fáil ina bhfuil faisnéis phearsanta, faisnéis rúnda nó faisnéis íogair ó thaobh tráchtála de, de chuid tríú páirtí a ndeachthas i gcomhairle leis/léi.

Tá an rogha ag an gCoimisinéir síneadh a chur leis an tréimhse coicíse i gceachtar cás má tá sé den tuairim go bhfuil forais réasúnacha ann a leithéid a dhéanamh.

Nuair a chuirtear iarratas faoi bhráid na hOifige seo, tabharfaidh an Coimisinéir cóip den iarratas sin don chomhlacht lena mbaineann.  Sa chás go gcinneann an Coimisinéir glacadh le hiarratas ar athbhreithniú, cuirfear an t-iarrthóir, an comhlacht poiblí lena mbaineann agus aon duine iomchuí eile ar an eolas agus tabharfar cuireadh dó/di aighneachtaí maidir leis an ní a dhéanamh.

Féadfar iarratas ar athbhreithniú a aistarraingt ag céim ar bith go dtí go n-eisítear cinneadh.

Má shíleann an Coimisinéir nár sholáthair an comhlacht poiblí lena mbaineann cúiseanna leordhóthanacha dá chinneadh is féidir leis a threorú go soláthróidh sé faisnéis níos iomláine maidir leis an gcinneadh don iarrthóir agus dó féin.

Ar aon dul le forálacha an Achta SF, tá sé mar aidhm ag an gCoimisinéir cinneadh maidir le hiarratas ar athbhreithniú a dhéanamh laistigh de cheithre mhí.  B’fhéidir go dtógfadh sé níos ama iarratais níos casta a phróiseáil.  Cuirfidh an Coimisinéir scéala chuig páirtithe san iarratas ar athbhreithniú maidir leis an gcinneadh atá déanta aige agus na cúiseanna atá leis an gcinneadh sin.   Tá tuilleadh mionsonraí le fáil i dTuarascáil Bhliantúil an Choimisinéara maidir le líon na n-iarratas ar athbhreithniú nár eisíodh cinntí maidir leo laistigh den teorainn ama ceithre mhí.

Féadfaidh an Coimisinéir aon cheist dlí a thagann chun cinn i rith athbhreithnithe a tharchur chun na hArd-Chúirte chun cinneadh a dhéanamh.  Má tharlaíonn sé sin, féadfaidh sé an próiseas a bhaineann le cinneadh a dhéanamh a chur ar atráth go dtí go bhfuil cinneadh déanta ag an Ard-Chúirt.

Faoi réir cheanglais an Achta SF, déanann an Coimisinéir cinneadh maidir lena nósanna imeachta féin chun athbhreithniú a reáchtáil. Chomh maith leis sin, ceadaíonn an tAcht SF don Choimisinéir iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach idir na páirtithe seachas cinneadh foirmiúil a eisiúint.   Má bhíonn réiteach ann idir na páirtithe, féadfaidh an Coimisinéir cinneadh a dhéanamh gan leanúint leis an athbhreithniú.

Cé mhéad a chosnaíonn sé ár seirbhís a úsáid?

Braitheann an táille a bheidh le híoc chun ár seirbhís a rochtain ar an gcineál iarratais ar athbhreithniú atá á chur isteach. Tá liosta de na táillí atá le gearradh le fáil thíos.

An Cineál Athbhreithnithe

An táille iníoctha 

Rochtain ar thaifead pearsanta a bhaineann leis an iarrthóir.

Níl Aon Táille le hÍoc

Taifid a leasú (Alt 9 den Acht SF).

Níl Aon Táille le hÍoc

Ráiteas cúiseanna (Alt 10 den Acht SF).

Níl Aon Táille le hÍoc

Achomharc a dhéanamh ar chinneadh atá déanta ag comhlacht poiblí táille a ghearradh chun taifid a chuardach agus a aisghabháil agus/nó a chóipeáil.

Níl Aon Táille le hÍoc

Iarraidh lena mbaineann Alt 37(8) den Acht SF.

Níl Aon Táille le hÍoc

Rochtain ar thaifead neamhphearsanta.

€50

Rochtain shealbhóir cárta leighis na hÉireann nó cleithiúnach shealbhóir cárta leighis ar thaifead neamhphearsanta.
Tabhair faoi deara: Beidh sé riachtanach fótachóip den chárta leighis ábhartha a chur ar fáil don Oifig

€15

Tríú páirtithe a bhfuil cinneadh comhlacht poiblí a gcuid faisnéise a chur ar fáil ar fhorais leas an phobail á achomharc acu (Alt 38 den Acht SF).

€15

 

Tá na sonraí ar fad maidir leis na táillí iníoctha, mar aon leis an rogha táillí a íoc ar líne, le fáil ag Iarratas ar Athbhreithniú.

Ceart achomhairc i ndáil leis an tseirbhís atá á soláthar againn

Tá cinneadh an Choimisinéara maidir le hathbhreithniú ina cheangal ar na páirtithe lena mbaineann. Féadfar cinneadh den sórt sin a achomharc chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí, agus, ina dhiaidh sin, chuig an gCúirt Uachtarach nó Cúirt Achomhairc.

Tionscadail taighde atá ar siúl san Oifig

Tá tuarascálacha maidir le hoibriú an Achta SF foilsithe ag an gCoimisinéir. Go dtí seo, tá na tuarascálacha seo a leanas foilsithe:

  • Staidéar ar Alt 15 & 16 (Acht SF 1997-2003) Lámhleabhair foilsithe ag comhlachtaí poiblí
  • Imscrúdú ar Oibriú Alt 10(1)(a) de na hAchtanna SF
  • Athbhreithniú ar Oibriú Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003
  • Foilseachán Chomóradh 10 mBliana - "Freedom of Information: The First Decade"
  • An tAcht um Shaoráil Faisnéise – Comhlíonadh Comhlachtaí Poiblí
  • Tráchtaireacht an Choimisinéara Faisnéise ar an Acht SF
  • Tuarascáil maidir le Forálacha Neamhnochta Acht SF don Chomhchoiste Oireachtais um Airgeadas agus an tSeirbhís Phoiblí (alt 32)
  • Bileog eolais maidir leis an Acht SF agus ról an Choimisinéara Faisnéise
  • Nótaí treorach maidir le hailt éagsúla den Acht SF
  • Imscrúdú faoi Alt 44 d’Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014

Tá na tuarascálacha thuasluaite le fáil ar ár suíomh gréasáin ag Foilseacháin.

C. An Próiseas Cinnteoireachta le haghaidh mórthograí beartais 

Conas a dhéanaimid cinntí?

Is comhlacht athbhreithnithe é an Oifig agus níl an Oifig freagrach as beartas poiblí a bhunú. Uaireanta, áfach, soláthraíonn an Coimisinéir tuairimí maidir le tograí beartais ábhartha.

D. Faisnéis Airgeadais

Faisnéis Airgeadais

Maoiníonn Vóta 19 (Oifig an Ombudsman) gníomhaíochtaí eagraíochta a áirítear iontu Oifig an Ombudsman agus an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (Clár A); an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, lena n-áirítear an fheidhm um Brústocaireacht a Rialáil (Clár B); agus, Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis agus Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil (Clár C).

Cuireann na hoifigí seo feidhmeanna reachtúla ar leithligh agus scartha i gcrích: d’ainneoin sin, feidhmíonn siad mar ghníomhaireacht chónasctha aonair faoi Vóta amháin agus Oifigeach Cuntasaíochta amháin agus bord bainistíochta corparáideach a bhainistíonn an eagraíocht agus, ag an am céanna, a chosnaíonn agus a chaomhnaíonn neamhspleáchas agus feidhmeanna reachtúla gach comhchoda. Tá a líon comhaltaí foirne féin ag gach oifig ach tá na feidhmeanna airgeadais, acmhainní daonna, cóiríochta agus teicneolaíochta faisnéise á roinnt idir na hoifigí ar fad.

Cuntas Leithreasa C&AG d’Oifig an Ombudsman

Ag deireadh gach bliana airgeadais, ceanglaítear ar gach roinn cuntas a ullmhú ar a dtugtar an Cuntas Leithreasa. Tá eolas le fáil sa Chuntas Leithreasa maidir leis an toradh don bhliain i gcomparáid leis an méid curtha ar fáil ag Dáil Éireann. Tá Cuntas Leithreasa 2020 le fáil anseo.

Meastacháin Athbhreithnithe

Is éard atá sna Meastacháin Athbhreithnithe leagan mionsonraithe de Mheastacháin Lá an Bhuiséid agus áirítear iontu caiteachas laistigh de chláir aonair mar aon leis an leithdháileadh airgeadais iomlán dár nOifig. Áirítear sna Meastacháin Athbhreithnithe méadracht aschuir ardleibhéil, comhthéacs agus táscairí tionchair. Soláthraítear iontu seo faisnéis maidir lenár gcaiteachas agus an tionchar atá ag caiteachas. Tá na Meastacháin Athbhreithnithe le haghaidh 2022 d’Oifig an Ombudsman le fáil ar leathanaigh 80-84 de na Meastacháin Athbhreithnithe do Sheirbhísí Poiblí 2022, ar fáil le híoslódáil anseo.

E. Soláthar

Faisnéis Soláthair

Tagraíonn soláthar poiblí don phróiseas ina gceannaíonn comhlachtaí poiblí oibreacha, earraí nó seirbhísí ó sholáthraithe atá roghnaithe acu chun na críche seo. Áirítear ann ceannach gnáth-earraí nó gnáthsheirbhísí agus conarthaí mórscála do thionscadail infreastruchtúir agus cuimsítear ann raon leathan agus éagsúil údarás conarthach.

Tá Beartas Soláthair na hOifige le fáil anseo.

Naisc le doiciméid treorach do sholáthraithe:

Íocaíochtaí níos mó ná €20,000

Tá tiomantas i bPlean Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí go mbeidh gach ordú ceannaigh sa bhreis ar €20k á fhoilsiú ar líne. Foilsíonn an Oifig an fhaisnéis seo ar bhonn ráithiúil. Féach ar ár nOrduithe Ceannaigh a bhfuil luach níos mó ná €20,000 luaite leo (Comhad Excel).

F. Loga Nochtuithe SF agus Faisnéis Eile atá le Foilsiú go Rialta

Loga Nochtuithe SF

Is féidir breathnú ar liosta de gach iarraidh SF neamhphearsanta faighte ag an Oifig roimh an 1 Eanáir 2015 anseo:

Non-personal-FOI-requests.xlsx

Taifid curtha ar fáil:

Taifid a bhaineann le tinreamh foirne FOI.2015.003.pdf

Taifid a bhaineann le híocaíochtaí déanta le gnólachtaí dlí 2013-2016 FOI.2016.003.pdf

Taifid a bhaineann le hiarrataí SF ó Ranna Rialtais in 2016 FOI.2018.002.xlsx

Beartas Soghluaisteachta Oifig an Ombudsman 2017 FOI.2018.004.pdf

Taifid a bhaineann le caiteachas dlíthiúil na hOifige in 2017-18 FOI.2018.010.pdf

Taifid a bhaineann le foireann OIC 2016-18 FOI.2018.011.pdf

Taifid a bhaineann le costais éilithe ag an gCoimisinéir Faisnéise 2017-18 FOI.2019.003.pdf

Taifid a bhaineann le sáruithe ar shonraí in OIC 2018-21 FOI.2021.009.jpg

Lámhleabhar Nósanna Imeachta OIC FOI.2021.012.pdf

FOI.2022.001

FOI.2022.002

FOI.2022.003

Iarratais SF chuig an Oifig

Faoin Acht SF, tá aon duine i dteideal iarratas a chur faoi bhráid Oifig an Choimisinéara Faisnéise ar rochtain ar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil go poiblí ar shlí ar bith eile. Go ginearálta, tá an ceart ag duine:

  1. Rochtain a fháil ar thaifid atá á gcoimeád ag an Oifig.
  2. Faisnéis phearsanta a cheartú, a bhaineann leis an duine, atá á coimeád ag an Oifig, sa chás go bhfuil a leithéid sin d’fhaisnéis míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach.
  3. Rochtain ar chúiseanna le cinntí a rinne an Oifig a bhfuil tionchar díreach acu ar an duine i gceist.

Ní féidir na taifid ar fad atá á gcoimeád ag an Oifig a rochtain. Ní bhaineann an tAcht SF le taifid a bhaineann le hathbhreithnithe atá déanta ag an Oifig nó le himscrúduithe faoi alt 44.   Is féidir taifid a bhaineann le riarachán ginearálta na hoifige, cosúil le hacmhainní daonna, soláthar etc., a rochtain, áfach, mura bhfuil feidhm le díolúine eile de chuid an Achta SF. 

Ba cheart iarratais SF a bhaineann le taifid na hOifige a sheoladh chuig:
Anne Greenalgh
Oifigeach Idirchaidrimh SF,
Oifig an Choimisinéara Faisnéise
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2, D02 W773

Teileafón: +353-1-639 5773, Ríomhphost: info@oic.ie

Ba cheart iarratais a dhéanamh i scríbhinn agus ba cheart a shonrú go bhfuil siad á ndéanamh faoin Acht SF. Ba cheart a léiriú ar an iarraidh cibé acu an bhfuil cóipeanna leictreonacha nó páipéir á lorg. Ionas gur féidir na taifid atá á lorg a shainaithint, ba cheart d’iarrthóirí an oiread mionsonraí agus is féidir maidir leis na taifid a sholáthar. Soláthair uimhir theileafóin teagmhála ionas gur féidir an iarraidh SF a shoiléiriú más gá.  Má theastaíonn cabhair uait chun d’iarraidh SF a scríobh cabhróidh foireann na hOifige leat. 

Soláthróidh an Oifig admháil maidir le hiarratas faoin Acht SF laistigh de choicís. Eiseofar an cinneadh laistigh de cheithre seachtaine.

An Ceart chun Athbhreithniú Inmheánach ar Chinneadh

Mura bhfuil duine sásta leis an gcinneadh SF a eisítear, tá an ceart ag an duine sin athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh a lorg.   Mura n-eisítear an cinneadh bunaidh laistigh de cheithre seachtaine glactar leis go bhfuiltear ag diúltú do d’iarraidh agus tá tú i dteideal athbhreithniú inmheánach ar an diúltú seo a lorg.

Ba cheart iarratais ar athbhreithniú inmheánach cinntí de chuid na hOifige a sheoladh i scríbhinn chuig:
Anne Greenalgh
Oifigeach Idirchaidrimh SF,
Oifig an Choimisinéara Faisnéise,
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath 2, D02 W773
Teileafón: +353-1-639 5773, 
R-phost: info@oic.ie

a áiritheoidh go mbeidh an t-athbhreithniú á chur i gcrích ag oifigeach atá ag obair ag leibhéal níos airde ná an t-oifigeach a rinne an cinneadh bunaidh SF

Ba cheart iarraidh ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine ó gcinneadh bunaidh a dhéanamh. Ní mór an cinneadh i ndiaidh an athbhreithnithe inmheánaigh a eisiúint laistigh de thrí seachtaine ón gcinneadh a dhéanamh. 

Faisnéis foilsithe ag an Oifig

Tá sé beartaithe go gceadóidh an tAcht SF rochtain ar fhaisnéis atá á coimeád ag comhlachtaí poiblí nach bhfuil ar fáil ar mhodhanna eile de ghnáth. Tá an fhaisnéis seo a leanas maidir le gníomhaíochtaí agus feidhmeanna na hOifige ar fáil ar ár suíomh gréasáin agus ní gá an tAcht SF a sheiceáil.

Tuarascálacha Bliantúla

Cuireann an Coimisinéir tuarascáil faoi bhráid an Oireachtais gach bliain maidir leis na gníomhaíochtaí a chuir an Oifig i gcrích an bhliain roimhe sin. Tá tuarascálacha bliantúla le fáil ó:

  • An Oifig ag 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773.
  • Ar ár suíomh gréasáin ag Tuarascálacha Bliantúla

Foilseacháin eile

  • Chomh maith leis sin, foilsíonn an Coimisinéir tuarascálacha maidir le hoibriú an Achta SF. Go dtí seo, tá na tuarascálacha seo a leanas foilsithe:
  • Staidéar ar Alt 15 & 16 (Acht SF 1997-2003) Lámhleabhair foilsithe ag comhlachtaí poiblí
  • Imscrúdú ar Oibriú Alt 10(1)(a) de na hAchtanna SF
  • Athbhreithniú ar Oibriú Acht um Shaoráil Faisnéise (Leasú), 2003
  • Foilseachán Chomóradh 10 mBliana - "Freedom of Information: The First Decade"
  • An tAcht um Shaoráil Faisnéise – Comhlíonadh Comhlachtaí Poiblí
  • Tráchtaireacht an Choimisinéara Faisnéise ar an Acht SF
  • Tuarascáil maidir le Forálacha Neamhnochta Acht SF don Chomhchoiste Oireachtais um Airgeadas agus an tSeirbhís Phoiblí (alt 32)
  • Bileog eolais maidir leis an Acht SF agus ról an Choimisinéara Faisnéise
  • Nótaí treorach maidir le hailt éagsúla den Acht SF

Tá na foilseacháin thuasluaite ar fáil saor in aisce ón Oifig nó ar an suíomh gréasáin anseo.

Suíomh Gréasáin

Tá tuilleadh faisnéise maidir leis an Oifig le fáil ar ár suíomh gréasáin (www.oic.ie). Áirítear i measc na faisnéise sin:

  • Faisnéis maidir leis an gCoimisinéir agus a ról
  • Faisnéis maidir leis an Oifig, lena n-áirítear an Scéim Gaeilge, an tAcht um Míchumas agus athúsáid Eolas Earnála Poiblí a chomhlíonadh
  • Téacs iomlán Achtanna SF 1997, 2003 agus 2014
  • Conas iarraidh SF a chur faoi bhráid na hOifige
  • Conas iarratas a chur faoi bhráid an Choimisinéara le haghaidh athbhreithniú ar chinneadh SF comhlacht poiblí
  • Gach cinneadh atá déanta ag an gCoimisinéir
  • Gach Breithiúnas atá déanta ag an Ard-Chúirt, Cúirt Uachtarach agus Cúirt Achomhairc maidir le hachomhairc ar chinntí atá déanta ag an gCoimisinéir
  • Óráidí agus Láithreoireachtaí tugtha ag an gCoimisinéir agus  foireann na hOifige
  • Treoir maidir le hAcht SF
  • Nótaí Treorach maidir le hailt den Acht SF
  • Ceisteanna Samplacha le cur ar Chomhlachtaí Poiblí nuair a bhíonn a gcinntí á n-athbhreithniú acu

G. Tuarascáil Bhliantúil Éifeachtúlachta Fuinnimh 2020


I.R. Uimh. 426/2014 - Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Éifeachtúlacht Fuinnimh), 2014

Faoi théarmaí na Rialachán seo ní mór ídiú agus feidhmíocht fuinnimh gach eagraíocht earnála poiblí a thuairisciú gach bliain. Is é Oifig an Ombudsman atá ag soláthar na seirbhísí rúnaíochta don Choimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, Oifig an Choimisinéara Faisnéise, Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil agus don Choimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, sna hoifigí atá suite ag 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2. Tá miondealú d’úsáid fuinnimh san oifig iomlán le fáil sa tuarascáil seo.

Tuarascáil Bhliantúil Éifeachtúlachta Fuinnimh 2022

Déantar uasdátú Aibreáin 2022