Tá dhá fheidhm athbhreithnithe againn. Is é an chéad fheidhm ná athbhreithniú a dhéanamh ar bhreitheanna saorála faisnéise. Is é an dara feidhm ná athbhreithniú a dhéanamh ar athúsáid faisnéise earnála poiblí.
Tá sé de cheart agat rochtain a fháil ar thaifid atá á sealbhú ag comhlachtaí poiblí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014. Mura bhfuil tú sásta leis an mbreith dheiridh ón gcomhlacht poiblí, féadfaidh tú iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh chugainn. Is comhlacht achomhairc neamhspleách sinn. Tá sé de chumhacht againn an bhreith ón gcomhlacht poiblí a dhaingniú, a athrú nó a neamhniú agus breith nua a thabhairt. Déanaimid athbhreithniú ar na cineálacha breitheanna seo a leanas:
Nuair a dhéanaimid athbhreithniú ar bhreith ó chomhlacht poiblí, scrúdaímid an fhaisnéis ábhartha agus iarraimid ar na páirtithe lena mbaineann aighneachtaí a dhéanamh. De ghnáth, is iad an t-iarratasóir agus an comhlacht poiblí na páirtithe lena mbaineann. Téimid i ndáil chomhairle le tríú páirtithe freisin, mar shampla i gcás go bhféadfadh an bhreith uainn dul i bhfeidhm ar a leasanna. Is féidir in amanna cás a réiteach trí theacht ar chomhaontú leis na páirtithe.
Cuirimid athbhreithnithe i gcrích laistigh de cheithre mhí nuair is féidir. Tógann cásanna áirithe tréimhse níos faide más cásanna casta iad nó má tá líon mór taifead i gceist leo.
Déan iarratas ar athbhreithniúAnuas ar bhreitheanna a athbhreithniú, déanaimid na nithe seo a leanas:
Is leis an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014, a rialaítear Saoráil Faisnéise in Éirinn. Rinneadh roinnt rialachán faoin acht sin.
Gheobhaidh tú rialacháin, cóid chleachtais agus lámhleabhair ar shuíomh Gréasáin an Láraonaid Bheartais um Shaoráil Faisnéise sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe ag foi.gov.ie.
Tá sé de cheart agat faisnéis atá á sealbhú ag údaráis phoiblí a athúsáid faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid), 2005. Mura bhfuil tú sásta leis an mbreith ón gcomhlacht poiblí, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh chugainn.
Faigh tuilleadh faisnéise