Is é Oifig an Choimisinéara Faisnéise an comhlacht achomhairc do shaoráil faisnéise in Éirinn. Is é an ról atá againn athbhreithniú a dhéanamh ar bhreitheanna a thugann comhlachtaí poiblí ar iarrataí saorála faisnéise. Táimid lonnaithe ar Shráid Líosain i mBaile Átha Cliath.

Ár bhfoireann

De bhreis ar an gCoimisinéir Faisnéise agus ar an Ard-Stiúrthóir, cuimsíonn ár bhfoireann thart ar fhiche ball foirne atá faoi stiúir ag Stephen Rafferty agus ag Deirdre Gallagher, beirt Imscrúdaitheoirí Sinsearacha. Faightear tacaíocht bhreise ó na seirbhísí comhroinnte a chuireann Oifig an Ombudsman ar fáil (mar shampla, bainistíocht acmhainní daonna agus tacaíocht teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide).

Coimisinéir Faisnéise

Cheap an tUachtarán Michael D. Higgins Ger Deering ina Ombudsman agus ina Choimisinéir Faisnéise d’Éirinn i mí Eanáir 2022.

Tá roinnt comhlachtaí poiblí bunaithe agus á stiúradh ag Ger agus tá an-taithí aige ar chearta tomhaltóirí agus fostaíochta.

Ceapadh é ina Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais in 2015 agus ina Ombudsman um Pinsin in 2016. Rinneadh Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais agus Pinsean de nuair a cumasaíodh an dá oifig in 2018. Sa ról seo bhí sé i gceannas ar chlár athraithe suntasach as a dtáinig i bhfad níos mó gearán in aghaidh soláthraithe seirbhísí airgeadais á réiteach trí idirghabháil.

Ba é Ger an chéad Choimisinéir um Rialáil Tacsaithe, áit ar thug sé isteach raon leasuithe ar an tionscal. Bhí sé ina Stiúrthóir bunaithe ar an Údarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta (NERA) áit ar chuir sé comhlíonadh cearta fostaíochta chun cinn agus áit a bhfuair sé cúiteamh d’fhostaithe ar diúltaíodh a gcuid teidlíochtaí reachtúla íosta.

Bhí príomhról ag Ger i gceannas ar an gClár Athchóirithe um Chaidreamh san Áit Oibre a chruthaigh seirbhís náisiúnta caidrimh san ionad oibre dhá leibhéal atá dírithe ar an úsáideoir a tháinig in ionad na gcúig chomhlacht a bhí ann roimhe sin.

Tá taithí fhairsing aige ag obair ar fud an rialtais áitiúil, na forbartha pobail, na státseirbhíse agus na hearnála príobháidí

An tArd-Stiúrthóir

D’oibrigh Elaine Cassidy i ról bainistíochta idirnáisiúnta san earnáil TF ilnáisiúnta ar feadh 15 bliana sula ndeachaigh sí isteach sa tseirbhís phoiblí sa bhliain 2008 mar Cheann Stádas Chomhionann agus mar Cheann Idirghabhála sa Bhinse Comhionannais.

Ina dhiaidh sin, chuaigh Elaine isteach sa Roinn Fiontar, Post agus Fostaíochta chun maoirseacht a dhéanamh ar achtú agus tosú Acht na gCuideachtaí, 2014, agus ionstraimí reachtúla gaolmhara. Ceapadh í mar Leas-Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean in Oifig an Ombudsman Seirbhísí Airgeadais agus Pinsean, atá mar chuid den chreat cosanta tomhaltóirí in Éirinn.

Tá céim Máistreachta i mBeartas Poiblí ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ag Elaine. Chomh maith leis sin, chuir sí Scrúduithe FE1 de chuid Dhlí-Chumann na hÉireann i gcrích agus tá sí ina Breithneoir cáilithe, ina hIdirghabhálaí deimhnithe agus ina ball d’Institiúid Idirghabhálaithe na hÉireann. Anuas air sin, sealbhaíonn sí céim LLB sa Dlí ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath agus céim BA i Margaíocht Idirnáisiúnta agus Teangacha ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.