Má tá táille le híoc agat, ní féidir linn glacadh le d’iarratas ná é a phróiseáil go dtí go mbeidh an táille sin íoctha agat.
Ní hionann an dáta a fuaireamar do ríomhphost nó do litir agus an dáta iarratais. Is é an dáta iarratais an dáta a fuaireamar an t-iarratas agus an táille cheart araon.
Is féidir leat do tháille a íoc ar líne. Ní bheidh iarratais ar líne bailí ach amháin i gcás go n-úsáidfidh tú an fhoirm iarratais atá tugtha ar an suíomh seo. Ní iarratais bhailí a bheidh in aon iarratais a sheolfar chuig seoladh ríomhphoist ball foirne aonair.
Seiceáil an tábla seo a leanas chun a fheiceáil cé acu ba cheart nó nár cheart duit táille a íoc. Déan teagmháil linn má bhíonn aon cheisteanna agat.
Rochtain ar thaifead pearsanta a bhaineann leat | Gan Táille |
Leasú ar thaifid (alt 9 den Acht um Shaoráil Faisnéise) | Gan Táille |
Ráiteas maidir le cúiseanna (alt 10 den Acht um Shaoráil Faisnéise) | Gan Táille |
Achomharc in aghaidh breithe a thug comhlacht poiblí táille a ghearradh Tabhair faoi deara: D’fhéadfaí táillí a ghearradh as cuardach le haghaidh taifead is ábhar d’iarraidh saorála faisnéise agus iad a aisghabháil agus/nó a chóipeáil |
Gan Táille |
Iarraidh a bhfuil feidhm ag alt 37(8) den Acht um Shaoráil Faisnéise maidir léi | Gan Táille |
Rochtain ar thaifead neamhphearsanta | €50 |
Rochtain ar thaifead neamhphearsanta ag duine a shealbhaíonn cárta leighis Éireannach nó ag cleithiúnaí le duine a shealbhaíonn cárta leighis Tabhair faoi deara: Beidh fótachóip den chárta leighis ag teastáil uainn |
€15 |
Tríú páirtithe atá ag achomharc in aghaidh breithe a thug comhlacht poiblí a bhfaisnéis a eisiúint ar mhaithe le leas an phobail (alt 38 den Acht um Shaoráil Faisnéise) | €15 |