An fhaisnéis is gá duit a sholáthar

  • D’ainm, do sheoladh, d’uimhir theileafóin agus aon sonraí teagmhála eile (e.g. seoladh ríomhphoist)
  • Ainm an chomhlachta phoiblí
  • Uimhir thagartha na breithe ón gcomhlacht poiblí (má tá an uimhir sin agat)
  • An táille cheart - amharc ar an rannán Táillí ar athbhreithniú
  • Faisnéis tacaíochta, má chreideann tú nach bhfuil aon táille le híoc agat nó go bhfuil táille laghdaithe le híoc agat
  • Sonraí faoi na codanna den bhreith ón gcomhlacht poiblí nach bhfuil tú sásta leo agus go bhfuil tú ag iarraidh orainn athbhreithniú a dhéanamh orthu

Déan iarratas ar líne

Molaimid do dhaoine ár bhfoirm iarratais ar líne a úsáid. Is é sin an bealach is éasca agus is tapa chun an fhoirm a chomhlánú.

Déan iarratas ar líne

Iarratas a dhéanamh le casadh an phoist nó a sheachadadh de láimh

  • Íoslódáil an fhoirm iarratais agus comhlánaigh í.
  • Cuir an fhoirm chomhlánaithe sa phost nó seachaid í chuig an seoladh seo a leanas: 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773

Tabhair faoi deara:

  • Má sheol tú d’iarratas lasmuigh dár n-uaireanta oifige, caithfimid leis an iarratas amhail is dá bhfaighfí é ar an gcéad lá oibre eile.
  • Ní hionann an dáta a fuaireamar do ríomhphost nó do litir agus an dáta iarratais. Is é an dáta iarratais an dáta a fuaireamar an t-iarratas agus an táille cheart araon.

Cad a tharlóidh ansin

Admhóimid go bhfuarthas d’iarratas. Tabharfaimid fógra duit a luaithe a chinnfimid cé acu a ghlacfaimid nó nach nglacfaimid le d’iarratas.