Faigh amach cé na nithe a bhféadfaidh Oifig an Choimisinéara Faisnéise athbhreithniú a dhéanamh orthu agus cad is gá duit a dhéanamh sula ndéanfaidh tú iarratas.
Déanaimid athbhreithniú ar bhreitheanna a thugann comhlachtaí poiblí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Áirítear leo sin:
Sula ndéanfaidh tú iarratas ar athbhreithniú chugainn, ba cheart duit iarraidh ar an gcomhlacht poiblí a thug an bhreith maidir le d’iarraidh saorála faisnéise Athbhreithniú Inmheánach a dhéanamh
Féadfaidh tú Athbhreithniú Inmheánach a iarraidh laistigh de cheithre seachtaine ón mbreith bhunaidh a fháil. Beidh an tAthbhreithniú Inmheánach á dhéanamh ag ball foirne a bheidh níos sinsearaí ná an ball foirne a thug an bhreith bhunaidh. Beidh tréimhse trí seachtaine ag an gcomhlacht poiblí ansin chun an tAthbhreithniú Inmheánach a chríochnú agus breith nua a sheoladh chugat.
Mura dtugann comhlacht poiblí freagra ar an iarraidh saorála faisnéise uait nó ar an iarraidh uait ar Athbhreithniú Inmheánach laistigh den tréimhse ama riachtanach, déanfar an “iarraidh a mheas a bheith diúltaithe”. Beidh sé de cheart agat bogadh ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile ansin.
I bhformhór na gcásanna, ní ghlacfaimid le hiarratas ar athbhreithniú ach amháin tar éis Athbhreithniú Inmheánach a chríochnú. Déanfar eisceacht sna cásanna seo a leanas:
Tríd is tríd, féadfaidh tú iarratas ar athbhreithniú a dhéanamh chugainn laistigh de shé mhí ón mbreith ón gcomhlacht poiblí a fháil. Féadfaimid an teorainn ama a fhadú i gcás go measfaimid go bhfuil forais réasúnacha ann le déanamh amhlaidh.
Ní bheidh ach dhá sheachtain agat chun iarratas a dhéanamh chuig an oifig sna cásanna seo a leanas:
Ar mhaith leat tuilleadh faisnéise a fháil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise? Gheobhaidh tú rialacháin, cóid chleachtais agus lámhleabhair ar shuíomh Gréasáin an Láraonaid Bheartais um Shaoráil Faisnéise sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.
Is ceangailteach le dlí atá an bhreith uainn ar athbhreithniú. Féadfaidh an t-iarratasóir nó an comhlacht poiblí nó páirtí a ndearnadh difear dó achomharc a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt ar phonc dlí in aghaidh na breithe uainn.
Déan iarratas ar athbhreithniú