Ráiteas do na Meáin: Tuarascáil Bhliantúil 2025
Ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
- Coimisinéir
Chuir an Coimisinéir Faisnéise, Ger Deering, béim ar mhéadú leanúnach de líon na n-iarratas ar Shaoráil Faisnéise (FOI) déanta ar chomhlachtaí poiblí agus an t-éileamh a ghabhann leis sin atá ar a Oifig a dhéanann athbhreithnithe ar chinntí a dhéanann Comhlachtaí Poiblí faoin Acht FOI. Déantar foráil san Acht maidir le roinnt cearta don phobal, lena n-áirítear an ceart chun rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh comhlachtaí poiblí.
Agus é ag labhairt faoin bhfoilsiú a Thuarascáil Bhliantúil do 2025, dúirt an Coimisinéir go ndearna 46,277 iarratas ar FOI ar chomhlachtaí poiblí, lena n-áirítear ranna an rialtais, forais earnáil sláinte agus údaráis áitiúla, in 2025 - méadú 11% ó 2024, agus méadú 65% ó rinneadh leasú ar an reachtaíocht FOI in 2014.
Bhí méadú freisin ar iarratais chuig an gCoimisinéir Faisnéise ar athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí a rinne comhlachtaí poiblí faoin Acht FAOI - suas go 53% ón reachtaíocht leasaithe 2014.
Fuair FSS an líon is mó iarrataí um Shaoráil Faisnéise in 2025 (14,760) agus fuair an Roinn Coimirce Sóisialaí 2,610 iarraidh.