Tá feidhm ag an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 maidir le gach comhlacht poiblí (nó comhlachtaí um Shaoráil Faisnéise) a chomhlíonann an sainmhíniú ar chomhlacht poiblí in Alt 6 den Acht, mura bhfuil siad díolmhaithe go sonrach, díolmhaithe go páirteach nó eisiata go páirteach faoi fhorálacha Alt 42 nó Sceideal 1 den Acht.
Faoi alt 6(7) den Acht um Shaoráil Faisnéise, i gcás ina n-eascraíonn díospóid idir an Coimisinéir agus aon eintiteas maidir le cibé a bhfuil feidhm ag an sainmhíniú nó nach bhfuil ar chomhlacht poiblí (nó maidir leis na coinníollacha a eascraíonn), ní mór an díospóid a chur faoi bhráid an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe a chinnfidh an cheist.
Chuir an Coimisinéir a thuairim ar fáil maidir le cibé eintitis áirithe iad comhlachtaí poiblí nó nach iad faoin Acht. Sa chás go raibh díospóid ann idir an Coimisinéir agus an t-eintiteas lena mbaineann, cuireadh an t-ábhar faoi bhráid an Aire lena chinneadh. Féach tuilleadh thíos:
Comhlachtaí a mheastar a bheith ina gComhlachtaí Poiblí tar éis Cinneadh an Aire | Dáta an Chinnidh |
Oifig Ard-Rúnaí an Uachtaráin* * Nóta: In 2018, cuireadh in iúl don OCF go ndearna an tAire a chinneadh maidir leis an ábhar seo a athoscailt. Tá a chinneadh athbhreithnithe fós gan réiteach |
22 Samhain 2017 |
Comhlachtaí NACH meastar a bheith ina gComhlachtaí Poiblí tar éis Cinneadh an Aire | Dáta an Chinnidh |
CLG Ionad Campais Plassey | 15 Meitheamh 2018 |
Comhlachtaí atá ag feitheamh le Cinneadh ón Aire (tar éis don Choimisinéir a mheas gur Comhlachtaí Poiblí iad na Comhlachtaí seo) |
Dáta an Atreoraithe chuig an Aire |
Ionad Ealaíon Cheatharlach Teo / Amharc | 23 Eanáir 2019 |
Kilkenny Abbey Quarter Development Ltd | 8 Eanáir 2020 |
Comhlachtaí nach measann an Coimisinéir Faisnéise a bheith ina gComhlachtaí Poiblí iad | Dáta Breithnithe an Choimisinéara |
Comhairle an Bharra (Comhairle Bharra na hÉireann | 25 Feabhra 2016 |
Cróinéir (Cróinéir Cheantar Bhaile Átha Cliath, Cróinéir Laoise & Cróinéir an Chabháin) | 20 Márta 2017 |
BOOÉ (Boird Oideachais agus Oiliúna na hÉireann) | 20 Márta 2018 |
CLG Fondúireacht Ollscoile na Gaillimhe | 9 Eanáir 2018 |
Cumann Onórach Óstaí an Rí | 2 Aibreán 2019 |
Spórt Capaill Éireann | 21 Deireadh Fómhair 2021 |
An Institiúid um Shláinte Poiblí | 2 Deireadh Fómhair 2018 |
Bord Rialála Rásaíochta Capall na hÉireann (IHRB) | 3 Márta 2020 |
Foras Bainistíochta na hÉireann | 22 Meán Fómhair 2017 |
Comhpháirtíocht LEADER Chill Chainnigh | 18 Feabhra 2020 |
Dlí-Chumann na hÉireann | 15 Feabhra 2016 |
Seirbhís Faisnéise do Shaoránaigh Chonnacht Thuaidh agus Uladh | 18 Feabhra 2022 |
An tSeirbhís um Fhorbairt Ghairmiúil do Mhúinteoirí (PDST) | 21 Lúnasa 2018 |
An tEadránaí Maoine | 12 Aibreán 2016 |
Ceann Comhairimh an Reifrinn (Baile Átha Cliath) | 18 Aibreán 2016 |
Institiúid Ríoga Ailtirí na hÉireann | 21 Nollaig 2017 |
SAGE - Seirbhís Tacaíochta agus Abhcóideachta | 16 Aibreán 2018 |
D’fhoilsigh an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Beartas agus Nós Imeachta um Réiteach Díospóide chun saincheisteanna a ardaítear faoi alt 6(7) den Acht um Shaoráil Faisnéise a réiteach i gcás ina n-eascraíonn díospóid maidir le cibé eintiteas é comhlacht poiblí nó nach é chun críocha an Achta de réir Alt 6(1), nó na coinníollacha a eascraíonn de bhua an fho-ailt sin.
Féach anseo