Réamhrá

Cuirtear faisnéis ar fáil duit san Fhógra um Príobháideachas (“an Fógra”) seo duit maidir leis na sonraí pearsanta fút atá á gcoimeád ag Oifig an Choimisinéara Faisnéise (“an Coimisinéir Faisnéise”). 

Foráiltear i Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid) (Leasú), 2015 (I.R. Uimh. 525 de 2015) (“na Rialacháin FEPA”) go n-ainmnítear an Coimisinéir Faisnéise mar an Coimisinéir Achomhairc.  Tá baint ag an bhfógra príobháideachais seo freisin lena fheidhm mar Choimisinéir Achomhairc.

Léiríonn an Coimisinéir Faisnéise meas iomlán ar an gceart i leith príobháideachais atá agat.  Caithfear le do shonraí pearsanta de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde, agus i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS) agus an tAcht um Chosaint Sonraí (“an Reachtaíocht um Chosaint Sonraí”). 

Baintear úsáid san Fhógra seo as téarmaí áirithe a bhfuil ciall ar leith acu faoin Reachtaíocht um Chosaint Sonraí. Féach an mhír Sainmhíniú san Fhógra seo chun teacht ar mhíniú nó sainmhíniú ar na téarmaí ábhartha.

Cé sinn féin?

Déanann an Coimisinéir Faisnéise athbhreithniú ar chinntí a rinne comhlachtaí poiblí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 (an tAcht SF) ar

  • iarrataí ar rochtain ar thaifid,
  • iarratais ar fhaisnéis phearsanta mhícheart, neamhiomlán nó mhíthreorach faisnéis i dtaifid a leasú, agus
  • iarratais ar ráitis ar chúiseanna a bhí le gníomhartha agus cinntí ag daoine a ndearna na gníomhartha agus na cinntí siúd difear dóibh.

Tá ról freisin ag an gCoimisinéir Faisnéise maidir leis an méid seo a leanas:

  • Athbhreithniú a dhéanamh ar an Acht SF
  • Tuarascálacha, nótaí treorach agus ábhar eile a fhoilsiú
  • Tabhairt faoi imscrúduithe ar conas a chomhlíonann comhlachtaí poiblí an tAcht um Shaoráil Faisnéise

Déanann an Coimisinéir Faisnéise athbhreithniú freisin ar chinntí a rinne comhlachtaí poiblí faoi iarrataí a bhaineann le faisnéis na hearnála poiblí a athúsáid a rinneadh faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid), 2015.

Bailíonn agus próiseálann an Coimisinéir Faisnéise faisnéis phearsanta ar a dtugtar sonraí pearsanta nuair a thugann sé faoina ról agus feidhmeanna faoi mar a bhforáiltear dó faoin Acht SF agus a ionstraimí reachtúla gaolmhara, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid) (Leasú), 2015 ina measc. Chun críocha na Reachtaíochta um Chosaint Sonraí, is é an Coimisinéir Faisnéise rialaitheoir sonraí do shonraí pearsanta. 

Seirbhísí comhroinnte

Déantar seirbhísí nó saoráidí áirithe ‘intí’ a chomhroinnt idir an Coimisinéir Faisnéise agus Oifig an Ombudsman, an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, agus an Coimisiún Reifrinn. I measc na seirbhísí seo, tá cóiríocht, airgeadas, acmhainní daonna, cumarsáid, cúrsaí dlí agus teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC).  Comhrialaitheoir é an Coimisinéir Faisnéise agus Oifig an Ombudsman a mhéid atá sonraí pearsanta a bhaineann leis na seirbhísí comhroinnte siúd i gceist.

Is féidir teagmháil a dhéanamh linn trí na sonraí teagmhála seo a leanas a úsáid:

Oifig an Choimisinéara Faisnéise

6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2.  DO2 W773. 

Guthán: (01) 639 5689

Ríomhphost: info@oic.ie

An tOifigeach Cosanta Sonraí

Tá Oifigeach Cosanta Sonraí ceaptha againn agus is féidir teagmháil a dhéanamh leis maidir leis na sonraí atá san Fhógra.  Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí trí na sonraí teagmhála seo a leanas a úsáid:

Ríomhphost: dataprotection@ombudsman.ie

Guthán: (01) 639 5760 

Seoladh Poist: 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2.  DO2 W773

Ainmnítear an tOifigeach Cosanta Sonraí le hOifig an Ombudsman, ina bhfuil an Coimisinéir Faisnéise, Oifig an Choimisinéara Faisnéise, an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, agus an Coimisiún Reifrinn.

Do shonraí pearsanta agus conas a bhailímid iad

Braithfidh na sonraí pearsanta a choimeádaimid agus an áit as a dtagann siad ar shaghas an idirghníomhaithe a dhéanann tú leis an gCoimisinéir Faisnéise. 

Cuireann tú féin méid an-mhór de na sonraí pearsanta ar fáil atá á gcoimeád againn fút nuair a chuireann tú glao orainn, nuair a sheolann tú litreacha agus ríomhphoist chugainn agus nuair a dhéanann tú cumarsáid eile leis an gCoimisinéir Faisnéise. 

Coimeádaimid do shonraí pearsanta freisin nuair a sholáthair duine eile iad nó a sholáthair duine eile thar do cheann iad, ar a dtugtar tríú páirtithe nó ionadaithe, faoi seach.  Cuirtear sonraí breise faoi seo ar fáil thíos.

Daoine a dhéanann teagmháil linn chun fiosrúchán a dhéanamh

Coimeádaimid faisnéis (sonraí pearsanta) faoi dhaoine a dhéanann teagmháil leis an gCoimisinéir Faisnéise. Áirítear leis na sonraí pearsanta seo, mar shampla, d’ainm agus sonraí teagmhála, sonraí a bhaineann le cuspóir do theagmhála agus aon sonraí pearsanta eile a sholáthraíonn tú. 

Iarratasóirí ar Athbhreithniú

Coimeádaimid sonraí pearsanta faoi iarratasóirí ar athbhreithniú, daoine ina measc a ndéantar iarratas ar athbhreithniú thar a gceann.  Áirítear leis na sonraí pearsanta seo, mar shampla, d’ainm agus sonraí teagmhála, sonraí a bhaineann leis an iarratas ar athbhreithniú agus aon sonraí pearsanta eile a sholáthraíonn tú. 

Nuair a dhéantar athbhreithniú ar chinneadh SF faoin Acht SF, bailímid sonraí pearsanta freisin fút ó chomhlachtaí SF nó ó dhaoine eile.  Mar shampla, bíonn sonraí pearsanta sna taifid, amanna, a bhíonn mar ábhar ag iarraidh SF.  Bíonn sonraí pearsanta freisin in aighneachtaí nó i gcumarsáid eile, amanna, a fhaightear ó chomhlachtaí SF nó páirtithe le hathbhreithniú.  Is fadréimseach do na sonraí pearsanta a fhaigheann an Oifig, ag brath ar an gcás. B’fhéidir go mbeidh sonraí pearsanta catagóire speisialta i gceist leis.

Nuair a thugtar faoi thaighde i rith athbhreithniú, faighimid faisnéis fút, amanna, ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí (ar nós cláir phoiblí nó faisnéis atá ar fáil ar líne).

Nuair atá táillí ar athbhreithniú le híoc nó nuair a íoctar na táillí siúd leis an Oifig, coimeádaimid faisnéis airgeadais a bhaineann leis na táillí a íoc.  Nuair a laghdaítear méid na táille atá le híoc mar gheall gur sealbhóir cárta leighis nó cleithiúnaí le sealbhóir cárta leighis é an t-iarratasóir, coimeádaimid faisnéis freisin faoin sealbhóir cárta nó faoi chleithiúnaí sealbhóir cárta a bhaineann leis an gcárta leighis.

Ionadaithe

Coimeádaimid sonraí pearsanta faoi ionadaithe a dhéanann fiosrúcháin nó iarratais ar athbhreithniú thar ceann duine eile.  Áirítear leis na sonraí seo d’ainm, sonraí teagmhála agus sonraí a bhaineann leis an gcáil ionadaíoch nó an caidreamh leis an duine a bhfuil an fiosrúchán nó an t-iarratas á dhéanamh agat thar a c(h)eann. Áirítear leis, chomh maith, sonraí pearsanta eile a sholáthraíonn tú.  Is féidir na sonraí pearsanta siúd a chur san áireamh freisin i bhfaisnéis a fhaightear ón gcomhlacht SF nó ó dhuine eile atá bainteach in athbhreithniú.

Tríú páirtithe

Nuair a bhaineann sonraí pearsanta le duine nach ndearna an iarraidh SF, tugaimid ‘tríú páirtí’ ar an duine sin. 

Is féidir sonraí pearsanta fút a bheith sna taifid a lorgaíonn duine eile faoi SF. D’fhéadfadh sonraí pearsanta fút a bheith i gcáipéisí eile freisin a fhaigheann an Oifig, ar nós aighneachtaí, litreacha nó ríomhphost.  Faightear na sonraí pearsanta seo ó chomhlachtaí SF, iarratasóirí ar athbhreithniú, páirtithe eile leis an athbhreithniú nó daoine eile a ndéanann an Oifig teagmháil leo maidir leis an athbhreithniú.  B’fhéidir go mbeidh sonraí pearsanta fadréimseach, ag brath ar an gcás, agus b’fhéidir go mbeidh sonraí pearsanta  catagóire speisialta i gceist leis.

Daoine a bhfuil Aighneachtaí á ndéanamh acu

Coimeádaimid sonraí pearsanta faoi dhaoine a dhéanann aighneachtaí leis an Oifig seo.  Áireofar leis na sonraí seo d’ainm agus sonraí teagmhála agus aon sonraí pearsanta eile a sholáthraíonn tú. 

Imscrúduithe

Is féidir leis an gCoimisiún tabhairt faoi imscrúdú ar chleachtais agus nósanna imeachta comhlachtaí SF.  Nuair a thugtar faoi imscrúdú, d’fhéadfaimis sonraí pearsanta a fháil fút atá i dtaifid nó aighneachtaí a fhaighimid ó chomhlachtaí SF.  B’fhéidir go mbeidh na sonraí pearsanta seo fadréimseach agus b’fhéidir go mbeidh sonraí pearsanta catagóire speisialta i gceist leis, ag brath ar an imscrúdú. 

Nuair a thugtar faoi thaighde i rith imscrúdú, amanna, faighimid sonraí pearsanta ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí (ar nós cláir phoiblí nó faisnéis atá ar fáil ar líne).

Daoine a thugann cuairt ar ár láithreán gréasáin

Nuair a thugann duine cuairt ar www.oic.ie  bailímid eolas caighdeánach loga faoin idirlíon agus sonraí faoi phatrúin iompair cuairteoirí. Déanaimid seo ar chuspóirí staitistiúla chun rudaí a dhéanamh amach, ar nós líon na gcuairteoirí ar na codanna éagsúla de láithreán gréasáin an Choimisinéara Faisnéise.

Bailímid an fhaisnéis seo ar bhealach nach ndéanann aon duine a shainaithint. Ní dhéanaimid aon iarracht chun teacht ar aitheantais na ndaoine siúd a bhfuil cuairt á tabhairt acu ar ár láithreán gréasáin. Ní dhéanfaimid ceangal idir aon sonraí a bailíodh ón láithreán seo agus aon fhaisnéis ó aon fhoinse a dhéanann duine a shainaithint go pearsanta.

Ríomhphost a sheoladh chuig ár nOifig 

Táimid mar chuid de Líonra an Rialtais, a cheanglaíonn gníomhaireachtaí seirbhíse poiblí ar líonra atá in ann sonraí, glór agus físeán a láimhseáil. Is féidir linn monatóireacht agus próiseáil a dhéanamh ar aon ríomhphost a sheoltar chugainn, aon cheangaltán ina measc, ar chúiseanna slándála.  Is féidir bogearraí monatóireachta nó blocála ríomhphost a úsáid freisin.

Cuirtear in iúl duit go bhfuil freagracht ort lena chinntiú nach ndéanann aon ríomhphost a sheolann tú an dlí a shárú.

Iarrataí reachtúla a dhéantar leis an Oifig seo

Coimeádaimid sonraí pearsanta faoi dhaoine a dhéanann iarrataí reachtúla leis an gCoimisinéir Faisnéise, daoine ina measc, mar shampla, a dhéanann iarraidh um Shaoráil Faisnéise (“SF”), iarraidh faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (RFC), iarraidh ar rochtain ar shonraí ina n-iarrtar ar shonraí agus taifid ón gCoimisinéir  Faisnéise, nó iarraidh ar rochtain faoi na Rialacháin FEPA.  Cuimsítear sna sonraí pearsanta d’ainm agus sonraí teagmhála agus eolas a bhaineann leis an iarraidh reachtúil a rinne tú. 

D’fhéadfaí a áireamh le hiarraidh reachtúil a rinne tú leis an gCoimisinéir Faisnéise freisin sonraí pearsanta faoi dhuine éigin eile seachas an duine a bhfuil an iarraidh á déanamh acu.  Cibé acu má tá nó mura bhfuil sonraí pearsanta iontu agus, má tá, braithfidh saghas na sonraí pearsanta ar an iarraidh.  Is é an duine a bhfuil an iarraidh á déanamh acu a sholáthraíonn an fhaisnéis seo.

Foireann soláthraithe seirbhíse poiblí

Coimeádaimid sonraí pearsanta faoi fhoireann chomhlachtaí SF maidir leis an láimhseáil a dhéanann siad ar iarrataí SF.  Cuimsítear sna sonraí pearsanta ainm, sonraí teagmhála, grád/ról agus faisnéis a bhaineann le feidhmiú a bhfeidhmeanna.  Is ón gcomhlacht SF nó ón iarratasóir a thagann na sonraí pearsanta seo agus áirítear leo sonraí pearsanta sna taifid a lorgaíodh i gcumarsáid a dhéantar leis an Oifig seo. 

Coimeádaimid sonraí freisin faoi Oifigigh Idirchaidrimh SF nó oifigigh eile i gcomhlachtaí SF.  Áirítear leis ainm, sonraí teagmhála agus grád/ról gach oifigigh laistigh den eagraíocht.  Chuir an t-oifigeach nó a (h)eagraíocht na sonraí seo ar fáil nó fuarthas iad ó fhoinsí atá ar fáil go poiblí (ar nós láithreán gréasáin na heagraíochta).

Soláthraithe / soláthraithe seirbhíse / daoine eile a dhéanann teagmháil leis an gCoimisinéir Faisnéise

Tá sonraí pearsanta á gcoimeád againn sa chás go ndearnadh teagmháil idir tú féin agus an Coimisinéir Faisnéise maidir le ceisteanna éagsúla, teagmháil ina measc maidir le hearraí nó seirbhísí a sholáthar nó cuirí a sholáthar don Choimisinéir Faisnéise chun cuir i láthair a dhéanamh, chun freastal ar sheimineáir, nó chun freastal ar chomhdhálacha.  Áirítear leis na sonraí pearsanta a choimeádtar, d’ainm, sonraí teagmhála agus faisnéis a bhaineann leis na hearraí nó na seirbhísí, an seimineár, an chomhdháil etc.  Faightear na sonraí pearsanta seo ón idirghníomhú a dhéanann tú linn.

Daoine a thugann cuairt ar ár n-oifig

Iarraimid ar gach cuairteoir chun síniú isteach agus amach ag fáiltiú ar chúiseanna slándála agus sábháilteachta. Oibrítear teilifís chiorcaid iata (CCTV) i limistéir phoiblí an fhoirgnimh ar chuspóirí slándála.

Tá Wi-Fi ar fáil ar an láthair agus is féidir le cuairteoirí é a úsáid. Cuirimid an seoladh agus an pasfhocal ar aghaidh. Cuirimid seoladh an ghléis i dtaifead agus déanaimid seoladh IP a dháileadh go huathoibríoch fad a bhíonn an t-úsáideoir ar an láthair. Cuirimid faisnéis faoi thrácht i gcuntas i bhfoirm láithreán ar tugadh cuairt orthu, an fad ama a caitheadh ar na láithreáin siúd agus an dáta a seoladh/a fuarthas an fhaisnéis sin. Ní iarraimid ort chun comhaontú a dhéanamh ar théarmaí. Ní iarraimid ort ach chun comhaontú a dhéanamh ar an gcaoi nach bhfuil aon fhreagracht orainn ná aon smacht againn ar an úsáid a bhaineann tú as an idirlíon fad a bhíonn tú ar an láthair, agus ní iarraimid ort chun aon chuid de d’fhaisnéis a sholáthar chun an tseirbhís seo a fháil.

Seimineáir Ghréasáin & físchomhdhálacha

Nuair a óstálann an Oifig seimineáir ghréasáin nó físchomhdhálacha, beidh ainm, uimhir theagmhála agus seoladh ríomhphoist an lucht freastail ag teastáil chun a bhfreastal a éascú. Ní fhoilseoidh an Oifig liosta toscairí ach d’fhéadfadh go mbeadh ainmneacha an lucht freastail le feiceáil ag daoine eile le linn an imeachta. Iarraimid ar lucht freastail a gcuid eolais teagmhála oibre a úsáid nuair is féidir, chun bailiúchán neamhriachtanach sonraí teagmhála pearsanta a sheachaint. Ar an gcuma chéanna, ba cheart do lucht freastail roinnt sonraí pearsanta a sheachaint in aon saoráid ‘comhrá’ roinnte mar go bhféadfadh an soláthraí seirbhíse na sonraí sin a phróiseáil.

D’fhéadfadh an Oifig seimineáir ghréasáin a thaifeadadh chun críocha eolais. Tabharfaidh sé réamhfhógra nuair a bheidh imeacht á thaifeadadh. Gabhann imeachtaí taifeadta íomhá agus fuaim aon láithreoirí. D’fhéadfaí go mbeadh an rogha ag an lucht freastail a n-íomhá agus a bhfuaim a roinnt le linn an tseisiúin. Má roghnaíonn siad é sin a dhéanamh, gabhfar é seo sa taifeadadh chomh maith. Sa chás go mbíonn ceisteanna agus freagraí modhnaithe ag imeachtaí, d’fhéadfaí tuairimí lucht freastail a roghnaíonn idirghníomhú leis na ceisteanna agus freagraí a fhoilsiú agus d’fhéadfadh daoine eile ag an imeacht iad a fheiscint agus beidh siad mar chuid den taifeadadh freisin.

Ba cheart do lucht freastail a chinntiú go leanann siad a gcuid beartais agus treoirlínte eagraíochtúla féin maidir le físchomhdháil, ionas go mbeidh a fhios acu cad iad na rialacha atá le leanúint agus na céimeanna atá le glacadh chun rioscaí cosanta sonraí a íoslaghdú. Ba cheart dóibh freisin dul i dtaithí le beartas príobháideachta an tsoláthraí seirbhíse ar líne chun iad féin a chur ar an eolas faoin gcaoi a phróiseálann an soláthraí sin sonraí pearsanta.  

Daoine Eile

Tá cur síos déanta againn thuas ar na príomhchatagóirí daoine go léir a bhfuil a sonraí pearsanta á gcoimeád againn.  Is féidir linn sonraí a choimeád faoi dhaoine nach dtagann faoi chuimsiú na gcatagóirí seo.  Mar shampla, coimeádaimid sonraí pearsanta ó thráth go chéile faoi dhaoine atá ag freastal ar chruinnithe nó imeachtaí leis an Oifig.  Deimhnímid go gcaitear leis na sonraí pearsanta go léir de réir na gcaighdeán slándála agus rúndachta is airde, i gcomhréir leis an reachtaíocht um Chosaint Sonraí. 

An méid a n-úsáidimid do shonraí dó agus an bunús dlí

Feidhmeanna faoin Acht SF

Próiseálaimid do shonraí pearsanta chun gur féidir leis an gCoimisinéir Faisnéise tabhairt faoina fheidhmeanna faoin Acht SF. I nach mór gach cúinse, déantar é seo chun gur féidir leis an gCoimisinéir Faisnéise athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh a rinne comhlacht poiblí faoi iarraidh SF. 

Próiseálaimid do shonraí pearsanta freisin chun gur féidir leis an gCoimisinéir Faisnéise tabhairt faoina fheidhmeanna faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid) (Leasú), 2015 (I.R. Uimh. 525 de 2015).

Ní úsáideann an Coimisinéir Faisnéise cinnteoireacht aonair uathoibrithe (i.e. cinneadh a dhéanamh go hiomlán ar bhealach uathoibrithe gan aon bhaint dhaonna a bheith ag duine ann) ná próifíliú (i.e. próiseáil uathoibrithe a dhéanamh ar shonraí pearsanta chun meastóireacht a dhéanamh ar rudaí áirithe faoi dhuine aonair).

I dtéarmaí dlí, tá an úsáid a bhainimid as sonraí pearsanta:

  • riachtanach chun go dtugann an Coimisinéir Faisnéise faoi thasc faoina dtugtar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil a dhílsítear sa Choimisinéir Faisnéise
  • riachtanach ar mhaithe le leas substainteach an phobail, ar bhunús na reachtaíochta um Chosaint Sonraí, atá comhréireach, a léiríonn meas ar bhunús an chirt i dtaobh cosaint sonraí agus a sholáthraíonn bearta oiriúnacha agus sonracha chun do chearta agus leasanna bunúsacha a chosaint.

Riar ginearálta agus oibleagáidí dlíthiúla a chomhlíonadh

Coimeádaimid faisnéis fút freisin chun freagairt d’iarrataí reachtúla a dhéantar leis an Oifig (ar nós iarrataí ar rochtain faoin Acht SF 2014, an reachtaíocht um Chosaint Sonraí, agus na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol).  Tá sé riachtanach é seo a dhéanamh chun oibleagáidí dlíthiúla na hOifige a chomhlíonadh. 

Úsáidimid liosta seoltaí na ndaoine a ndéanaimid cumarsáid leo chun iad a chur ar an eolas ar fhoilseacháin, forbairtí reatha agus ceisteanna eile is díol spéise.  Seolfaimid an chumarsáid sin chugat má thoilíonn dúinn é sin a dhéanamh.  Más mian leat go mbainfear den liosta seo thú, cuir ar an eolas sinn, le do thoil, agus bainfimid thú ón liosta gan mhoill.

Déanfaimid staitisticí a bhailiú agus a fhoilsiú freisin ina léirítear faisnéis ar nós an lín iarratas ar athbhreithniú a fhaighimid, ach níl aon sonraí pearsanta sna staitisticí siúd, áfach. 

Na daoine a roinnimid d’fhaisnéis leo

Nuair a bhíonn athbhreithniú á dhéanamh ar chinneadh a dhéanann comhlacht SF nó chun tabhairt faoi aon chinn eile d’fheidhmeanna an Choimisinéara, roinnimid sonraí pearsanta.  Mar shampla, nuair a thugaimid faoi athbhreithniú ar chinneadh a rinne comhlacht SF, beidh orainn faisnéis a roinnt leis an gcomhlacht sin agus b’fhéidir le comhlachtaí ábhartha eile.  Roinnimid é le d’ionadaí, má d’ainmnigh tú ceann agus má bhíonn do thoiliú faighte againn.

Ag brath ar an idirghníomhú a dhéanann tú leis an gCoimisinéir Faisnéise, roinnimid do shonraí pearsanta leis an soláthraí/na soláthraithe cuí seirbhíse; d’ionadaí; aon tríú páirtithe a ndéantar difear dóibh; na daoine a rinne iarraidh i dtosach báire; ionadaithe dlíthiúla an Choimisinéara Faisnéise agus na cúirteanna. Ní roinntear na sonraí pearsanta siúd ach nuair is gá ar mhaithe le tabhairt faoinár bhfeidhmeanna. 

Ar uairibh, nuair is gá, roinnimid d’fhaisnéis le soláthraithe seirbhíse, aistritheoirí ina measc, mar shampla.  Déanfar an t-aistriú laistigh de cheanglais na Reachtaíochta um Chosaint Sonraí.

Ceanglaítear cinntí an Choimisinéara Faisnéise a fhoilsiú faoi alt 47 den Acht SF agus déantar é seo gan ainm a lua.  Is féidir linn na sonraí faoi athbhreithnithe a láimhseáil an Coimisinéir Faisnéise a fhoilsiú ina Thuarascáil Bhliantúil, i dTuarascáil Athbhreithnithe nó in áiteanna eile. Ní shainaithnímid aon iarratasóirí nó tríú páirtithe, murach gur scaipeadh na sonraí ar an bpobal cheana féin, nó mura dtoilíonn an t-iarratasóir nó tríú páirtí go sainráite go sainaithnítear iad.

Seirbhísí comhroinnte

Roinneann Oifig an Choimisinéara Faisnéise acmhainní leis an Ombudsman, an Coimisinéir um Fhaisnéis Comhshaoil, an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí, an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí, agus an Coimisiún Reifrinn.  I measc na seirbhísí seo, tá cóiríocht, airgeadas, acmhainní daonna, cumarsáid, cúrsaí dlí agus teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC). 

Mar gheall ar acmhainn chomhroinnte TFC, is féidir leis na comhlachtaí eile a liostaítear thuas méid teoranta de do shonraí pearsanta (do shonraí teagmhála amháin) a phróiseáil. 

Próiseáil lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíochta (an LEE)

Is gnách nach n-aistreoidh an Coimisinéir Faisnéise sonraí pearsanta lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíochta (an LEE) nó tríú tíortha le cinneadh faoi leordhóthanacht murach go bhfuil comhfhreagras á dhéanamh againn, mar shampla, le custaiméir nó duine a chónaíonn thar lear atá bainteach le fiosrúchán nó athbhreithniú. Sa chás go dtagann athrú ar an seasamh seo, comhlíonfaidh an Coimisinéir Faisnéise a chuid oibleagáidí faoi Airteagal 46 den RGCS trí ghlacadh le ceann de na bearta cuí a fhaomhann an Coimisiún Cosanta Sonraí agus an Coimisiún Eorpach lena chinntiú go mbíonn na haistrithe siúd dleathach.

A fhaide a choimeádaimid do shonraí pearsanta

Próiseálfaidh an Coimisinéir Faisnéise an fhaisnéis phearsanta a sholáthair tú ar na cuspóirí a dtugtar cuntas orthu san Fhógra agus coimeádfar é de réir ár mbeartais choinneála, ar féidir teacht air ar ár láithreán gréasáin.  Leagtar amach sa bheartas coinneála na tréimhsí ama maidir le cé chomh fada a choimeádann an Coimisinéir Faisnéise faisnéis ar chuspóirí éagsúla, agus mar thoradh ar ár gceanglais dhlíthiúla. Braithfidh an fad ama a gcoimeádaimid do shonraí pearsanta dó ar shaghas na cáipéise nó an taifid ina gcuimsítear na sonraí pearsanta.

 

Do chearta um chosaint sonraí

Foráiltear in Airteagal 23 den RGCS agus Alt 60 den Acht um Chosaint Sonraí, 2018 go bhfuil cearta áirithe maidir le do shonraí pearsanta atá á gcoimeád ag an gCoimisinéir um Fhaisnéis srianta (an ceart rochtana, an ceart chun ceartú agus scriosadh, ceart chun próiseáil a shrianadh, an ceart chun cur in aghaidh próiseála agus an ceart i dtaobh iniomparthacht sonraí ina measc).  Tá na cearta ar leith seo srianta nuair a choimeádann an Coimisinéir Faisnéise na sonraí pearsanta chun tabhairt faoina fheidhmeanna.

Foráiltear do na cearta seo a leanas faoin Reachtaíocht um Chosaint Sonraí: 

Do cheart rochtana

Tá an ceart agat a iarraidh orainn chun cóipeanna de d’fhaisnéis phearsanta a thabhairt duit. Bíonn an ceart seo i bhfeidhm i gcónaí. Tá roinnt díolúintí ann, a chiallaíonn go bhféadfadh nach bhfaighfeá an fhaisnéis go léir a phróiseálaimid i gcónaí.

Do cheart chun ceartú

Tá an ceart agat a iarraidh orainn faisnéis a cheapann tú a cheapann tú atá míchruinn. Tá an ceart agat freisin a iarraidh orainn chun faisnéis a cheapann tú a cheapann tú atá míchruinn a iomlánú.

Do cheart chun scriosta

Tá an ceart agat a iarraidh orainn d’fhaisnéis phearsanta a scriosadh faoi chúinsí áirithe.

Do cheart chun próiseáil a shrianadh

Tá an ceart agat a iarraidh orainn próiseáil d’fhaisnéise a shrianadh faoi chúinsí áirithe.

Do cheart chun agóid a dhéanamh in aghaidh próiseála

Tá an ceart chun agóid a dhéanamh in aghaidh do shonraí pearsanta a phróiseáil faoi chúinsí áirithe. Má tá do shonraí pearsanta á gcoimeád againn ar bhunús do thoilithe, tá an ceart agat an toiliú sin a aistarraingt ag aon tráth.

Do cheart i dtaobh iniomparthacht sonraí

Tá an ceart agat a iarraidh go dtugtar sonraí pearsanta duit nó do dhuine eile i bhfoirm inaistrithe nó atá inléite ag meaisín.

Do cheart chun cur in aghaidh cinnteoireacht uathoibrithe

Tá an ceart agat chun agóid a dhéanamh in aghaidh cinnteoireacht aonair uathoibrithe (i.e. cinneadh a dhéanamh go hiomlán ar bhealach uathoibrithe gan aon bhaint dhaonna a bheith ag duine ann) agus próifíliú (i.e. próiseáil uathoibrithe a dhéanamh ar shonraí pearsanta chun meastóireacht a dhéanamh ar rudaí áirithe faoi dhuine aonair). Ní dhéanann an Coimisinéir Faisnéise aon chinntí trí úsáid a bhaint as bealaí atá go hiomlán uathoibrithe.

Tabhair faoi deara, le do thoil, tagann na cearta seo aníos faoi chúinsí áirithe agus bíonn siad faoi réir díolúintí áirithe.  Ceanglaítear ar an gCoimisinéir Faisnéise, ach go háirithe, trí reacht chun faisnéis a fhaightear ó sholáthraithe seirbhíse poiblí agus daoine eile a choimeád faoi rún.  Tabhair faoi deara, le do thoil, d’fhéadfadh seo srian a chur ar scóip do cheart. An méid seo a leanas, go háirithe:  

  • b’fhéidir go gcuirfidh na ceanglais dhlíthiúla san Acht SF teorainn ar do chearta,
  • sa chás go bhfuil úsáid á baint againn as do shonraí chun tabhairt faoinár bhfeidhmeanna reachtúla, mar gheall go bhfuil cúiseanna láidre ann ar mhaithe le leas an phobail chun faisnéis phearsanta a phróiseáil chun tabhairt faoinár bhfeidhmeanna,
  • is féidir le cearta agus saoirse tríú páirtithe srian a chur ar do chearta um chosaint sonraí,
  • tá ceanglas eile dlíthiúil orainn chun d’fhaisnéis phearsanta a úsáid ar bhealach ar leith.

Mura féidir linn d’iarraidh a chomhlíonadh, cuirfimid ar an eolas thú ar an bhfáth gurb amhlaidh an cás.

Más mian leat aon chinn de do chearta a fheidhmiú, déan teagmháil, le do thoil, leis an Oifigeach Cosanta Sonraí:

Ríomhphost: dataprotection@Ombudsman.ie

Guthán: (01) 639 5760 

Seoladh Poist: 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2.  DO2 W773

An ceart atá agat chun gearán a dhéanamh

Déanaimid iarracht chun na caighdeáin is airde a bhaint amach nuair a bhíonn faisnéis phearsanta á bailiú agus á próiseáil againn. Má tá ceist agat nó más mian leat gearán a dhéanamh faoin úsáid a bhaineann an Coimisinéir Faisnéise as d’fhaisnéis phearsanta, is féidir leis an Oifigeach Cosanta Sonraí cabhrú leat sa chéad ásc.

Tá an ceart agat freisin chun gearán a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí.   Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún Cosanta Sonraí trí na sonraí teagmhála seo a leanas a úsáid:

Láithreán gréasáin: www.dataprotection.ie

Ríomhphost: info@dataprotection.ie

Guthán:  (0761) 104 800; Íosghlao: 1890 25 22 31. 

Seoladh Poist: 21 Cearnóg Mhic Liam Theas, Baile Átha Cliath 2, D02 RD28. 

Ceanglais chun sonraí pearsanta a sholáthar agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith i gceist má theipeann ar a soláthar

Má tá fiosrúchán á dhéanamh agat nó má tá athbhreithniú ar chinneadh a rinne comhlacht SF á lorg agat, b’fhéidir go mbeidh faisnéis áirithe ag teastáil uainn chun freagra a thabhairt duit nó chun an t-athbhreithniú a dhéanamh.  Mura dtugann tú an fhaisnéis dúinn, ní bheimid in ann freagra a thabhairt ná tabhairt faoin athbhreithniú.

B’fhéidir go mbeidh ar an Coimisinéir cumhacht a fheidhmiú ó thráth go chéile a bhronntar air faoin Acht SF lena gceanglaítear faisnéis áirithe a sholáthar.  Nuair a fheidhmíonn an Coimisinéir a chumhacht, tá ceanglas reachtúil air chun an fhaisnéis a lorgaítear a sholáthar.   Sa chás ar leith go ndéanann an Coimisinéir an cinneadh chun an chumhacht seo a fheidhmiú, tabharfaidh sé fógra foirmiúil don duine faoin riachtanas seo.  Tá duine a dteipeann air/uirthi nó a dhiúltaíonn chun an ceanglas sin a chuirtear in iúl dóibh agus a d’eisigh an Coimisinéir ciontach i gcion. 

Faisnéis bhreise

Ní sholáthraítear san Fhógra seo sonraí iomlána faoi gach gné de bhailiú agus úsáid faisnéise pearsanta ag an gCoimisinéir Faisnéise. Táimid sásta, áfach, chun aon fhaisnéis nó míniú breise a sholáthar a theastaíonn. Ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh linn.  Tabhair faoi deara, le do thoil, is féidir an Fógra a nuashonrú ó thráth go chéile. 

​Fianáin a úsáid

Úsáidimid uirlis fianán ar ár láithreán gréasáin chun toiliú a fháil do na fianáin a úsáidimid. Déanann an uirlis fianáin atá riachtanach ar mhaithe le feidhmiúlacht, slándáil agus inrochtaineacht a shocrú agus ní scriosann sé iad. Is féidir leat níos mó eolais a léamh faoi conas a úsáidimid fianáin, agus conas do roghanna fianán a athrú ar ár leathanach Fianán.

Naisc le láithreáin ghréasáin eile.

Ní chumhdaítear sa ráiteas príobháideachais seo na naisc laistigh den láithreán seo a dhéanann nasc le láithreáin ghréasáin eile. Spreagaimid thú chun na ráitis phríobháideachais a léamh ata ar na láithreáin ghréasáin eile a dtugann tú cuairt orthu.

Sainmhíniú

Ciallaíonn Toiliú an ábhair shonraí aon léiriú sonrach agus eolach a dhéantar gan srian i dtaobh mhianta an ábhair shonraí a thugann comhaontú le sonraí pearsanta a bhaineann leo a phróiseáil, trí ráiteas nó trí ghníomh soiléir deimhneach.

Ciallaíonn Rialaitheoir an duine nádúrtha nó dlíthiúil, an t-údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a dheimhníonn leis féin nó le comhlachtaí/daoine eile, cuspóirí agus bealaí próiseála sonraí pearsanta; nuair a dheimhnítear i ndlí Aontais nó Ballstáit cuspóirí agus bealaí na próiseála sin, is féidir foráil a dhéanamh i ndlí Aontais nó Ballstáit don rialaitheoir nó do na critéir shonracha lena n-ainmniú.

An tAcht um Chosaint Sonraí, 2018 I measc rudaí eile, bronntar éifeacht bhreise san Acht seo ar an RGCS (féach thíos) i limistéir ina gceadaítear solúbthacht Bhallstáit.  Tá an tAcht ar fáil ar líne.

Oifigeach Cosanta Sonraí Ceanglaítear sa RGCS ar roinnt eagraíochtaí chun Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS) a ainmniú.  Luaitear in Airteagal 39 den RGCS “beidh na tascanna seo a leanas, ar a laghad,” ag an oifigeach cosanta sonraí:

  1. eolas agus comhairle a sholáthar don rialaitheoir nó don próiseálaí agus do na fostaithe a thugann faoi phróiseáil ar a n-oibleagáidí de bhun an Rialacháin seo agus de bhun forálacha eile um chosaint sonraí Aontais nó Ballstáit;
  2. monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh an Rialacháin seo, comhlíonadh forálacha um chosaint sonraí eile Aontais nó Ballstáit agus bheartais an rialaitheora nó an phróiseálaí maidir le sonraí pearsanta a chosaint, freagrachtaí a shannadh, feasacht a mhúscailt agus oiliúint a chur ar an bhfoireann atá bainteach in oibríochtaí próiseála, agus na hiniúchtaí gaolmhara ina measc;
  3. comhairle a sholáthar nuair a iarrtar maidir leis an mheasúnacht tionchair um chosaint sonraí agus monatóireacht a dhéanamh ar a fheidhmíocht de bhun Airteagal 35;
  4. comhoibriú leis an údarás maoirseachta;
  5. gníomhú mar an pointe teagmhála don údarás maoirseachta maidir le saincheisteanna a bhaineann le próiseáil, an comhairliúchán a rinneadh roimhe seo ina measc a dtagraítear dó in Airteagal 36, agus chun dul i gcomhairle, sa chás gur cuí, i dtaobh aon cheiste eile.”

Ciallaíonn Ábhar Sonraí an duine nádúrtha a sainaithníodh nó inaitheanta lena mbaineann na sonraí pearsanta – féach freisin an sainmhíniú ar shonraí pearsanta thíos.

Rialachán an AE é an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (an RGCS) a bhaineann le cosaint sonraí a tháinig i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2018.  Tá an Rialachán ar fáil ar líne.

Comhrialaitheoir  Nuair a chomhdheimhníonn beirt rialaitheoirí nó níos mó (féach thuas) cuspóirí agus bealaí próiseála, is comhrialaitheoirí iad.

Ciallaíonn Sonraí Pearsanta aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó inaitheanta (‘ábhar sonraí’); duine atá i nduine inaitheanta nádúrtha ar féidir é/í a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt d’aitheantóir ar nós ainm, uimhir aitheantais, sonraí láithreach, aitheantóir ar líne nó do thoisc amháin nó níos mó a bhaineann go sonrach le haitheantas fisiciúil, fiseolaíoch, géiniteach, meabhrach, geilleagrach, cultúrtha nó sóisialta an duine nádúrtha sin.

Ciallaíonn Próiseáil aon oibríocht nó sraith oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna sonraí pearsanta, cé acu ar bhealaí uathoibrithe nó a mhalairt, ar nós bailiú, taifeadta, eagrú, struchtúrú, stórála, oiriúnú nó athrú, aisghabhála, comhairliúcháin, úsáide, nochta trí tharchur, scaipthe nó a chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó measctha, srianta, scriosta nó millte.

Ciallaíonn Catagóirí Speisialta de Shonraí Pearsanta sonraí pearsanta a nochtann bunadh ciníoch nó eitneach, tuairimí polaitiúla, creidimh reiligiúnacha nó fhealsúnacha, ballraíocht de cheardchumann, agus sonraí géiniteacha, sonraí bithmhéadracha, sonraí a bhaineann le sláinte nó sonraí a bhaineann le saol gnéis nó gnéaschlaonadh duine nádúrtha.

Arna Chruthú:  Bealtaine 2018  
Arna Athrú:  Deireadh Fómhair 2019
Arna Athrú: Samhain 2020 

Úsáid fianán

Tá fianáin ina gcomhaid bheaga téacs a chuirtear ar do ríomhaire le suíomhanna Gréasáin a dtugann tú cuairt orthu. Baintear úsáid fhorleathan astu chun cabhrú le suíomhanna Gréasáin oibriú, nó oibriú ar bhealach níos éifeachtúla, agus chun faisnéis a thabhairt d’úinéirí an tsuímh.

Glacadh le fianáin ar Shuíomh Gréasáin an Choimisinéara Faisnéise

Ainm: Glac_le_fianáin

Cuspóir: Baintear úsáid as an bhfianán seo chun a thaifeadadh cé acu a ghlac nó nár ghlac an t-úsáideoir le húsáid fianán ar shuíomh Gréasáin an Choimisinéara Faisnéise

Tuilleadh faisnéise: Chun do thoiliú a tharraingt siar tar éis glacadh leis an bhfianán seo, scrios an fianán ‘glac le fianáin’. Faigh tuilleadh faisnéise ag www.aboutcookies.org.

Google Analytics

Ainm: Google Analytics _utma, _utmb, _utmc, _utmz

Cuspóir: Baintear úsáid as na fianáin seo chun faisnéis a bhailiú faoi conas a úsáideann cuairteoirí ár suíomh. Bailítear faisnéis gan ainm leis na fianáin, ar faisnéis í nach n-aithnítear cuairteoir inti. Tugtar faisnéis leo faoin líon cuairteoirí ar an suíomh, faoin áit ar tháinig cuairteoirí ar an suíomh uaidh agus faoi na leathanaigh ar thug siad cuairt orthu.

Bainimid úsáid as an bhfaisnéis sin chun tuarascálacha a chur le chéile chun feabhas a chur ar an dóigh a n-oibríonn ár suíomh Gréasáin, mar shampla trína chinntiú gur go réidh atá úsáideoirí ag aimsiú na faisnéise a theastaíonn uathu.

Tuilleadh faisnéise: Is féidir leat Beartas Príobháideachais Google Analytics a léamh anseo:

https://support.google.com/analytics/answer/6004245

Chun diúltú do bheith do do rianú ag Google Analytics ar fud na suíomhanna Gréasáin go léir, téigh chuig suíomh Google.

Baintear úsáid as na fianáin seo chun faisnéis a bhailiú faoi conas a úsáideann cuairteoirí ár suíomh. Bailítear faisnéis gan ainm leis na fianáin, ar faisnéis í nach n-aithnítear cuairteoir inti. Tugtar faisnéis leo faoin líon cuairteoirí ar an suíomh, faoin áit ar tháinig cuairteoirí ar an suíomh uaidh agus faoi na leathanaigh ar thug siad cuairt orthu. Bainimid úsáid as an bhfaisnéis sin chun tuarascálacha a chur le chéile chun feabhas a chur ar an dóigh a n-oibríonn ár suíomh Gréasáin, mar shampla trína chinntiú gur go réidh atá úsáideoirí ag aimsiú na faisnéise a theastaíonn uathu.