Oifig an Choimisinéara Faisnéise

Caibidil 2: Cinntí

Is coimriú é seo a leanas de na cinntí a rinneadh in 2010. Is féidir téacs iomlán na gcinntí a fháil ar ár láithreán Gréasáin www.ocei.gov.ie

CEI/09/0005 - Peter Sweetman & Associates agus An Bord Pleanála (an Bord) - Cinneadh an 24 Feabhra 2010.

Cúlra

Ar an 23 Márta 2009 d'iarr an t-iarratasóir "cóipeanna digiteacha de na tras-scríbhinní faoin éisteacht maidir le mearchóras iarnród cathrach (Meitreo Thuaidh)... a luaithe is a gheobhadh an Bord iad." Dhiúltaigh an Bord don iarratas ar bhonn Airteagal (9)(2)(c) de na Rialacháin de bhrí gur bhain an t-iarratas le hábhar a bhí fós á chur i gcrích. Ní raibh tús curtha leis an éisteacht faoi MeitreoThuaidh nuair a rinneadh an t-iarratas. Bhí sé le tosú an 1 Aibreán 2009.

Torthaí

Ní raibh mé sásta gur thug anTreoir nó na Rialacháin an dlínse dom treoir a thabhairt d'údarás poiblí faisnéis i dtaifid nach raibh cruthaithe fós ag tráth an iarratais a chur ar fáil. D'fhéach mé freisin ar fhorálacha Airteagal 4(1) agus 4(2) agus bhí mé sásta go mbainfeadh Airteagal 4(1) leis an bhfaisnéis a iarradh sa mhéid is go n-éilítear i bhforáil reachtúil eile go gcuirfí ar fáil é.

Cinneadh maidir leis an achomharc

Chinn mé go raibh údar ag an mBord diúltú don iarratas ach rinne mé athruithe ar an mbonn a bhí le mo chinneadh.

CEI/09/0007 – An tUasal Una Caulfield, Stiúrthóir, Residents for Realignment Ltd agus An Bord Pleanála (an Bord) – Cinneadh an 24 Feabhra 2010

Cúlra

Tá an cás seo an-chosúil le CEI/09/0005 thuas. Sa chas seo d'iarr an t-iarratasóir an 5 Már ta 2009 "go gcraolfadh an Bord an Éisteacht ó Bhéal faoi Meitreo Thuaidh ar an ngréasán, agus go gcuirfeadh sé tras-scríbhinní den éisteacht ar fáil ar líne ag deireadh gach lá." Dhiúltaigh an Bord don iarratas ar bhonn Airteagal 9(2)(c) agus nár bhain na Rialacháin leis an iarratas go gcraolfaí ar an ngréasán é.

Torthaí

Faoi mar a tharla sa chás thuas ní raibh mé sásta go raibh sé de dhlínse agam mar Choimisinéir ordú a thabhairt don Bhord go ndéanfaí socruithe chun an éisteacht a fhoilsiú ar an ngréasán ná go gcuirfí tras-scríbhinní ar fáil nach raibh ag an mBord ag an tráth sin nuair a rinneadh an t-iarratas.Thug mé le fios sa chinneadh a rinne mé, faoi réir ceisteanna teicniúla, oibriúcháin agus acmhainní, nach bhfuil aon rud ann a chuirfeadh cosc ar an mBord an fhaisnéis a chur ar fáil a luaithe is a bheadh sí ar fáil nó tráth níos luaithe ná a éilítear go gcuirfí ar fáil í.

Cinneadh maidir leis an achomharc

Chinn mé go raibh údar ag an mBord a chinneadh a dhéanamh ach rinne mé athruithe ar an mbonn a bhí le mo chinneadh.

CEI/09/0006 – Percy Podger and Associates thar ceann Hands Across the Corrib Ltd agus An Bord Pleanála (an Bord) – Cinneadh an 30 Márta 2010

Cúlra

Lorg an t-iarratasóir tras-scríbhinn den éisteacht ó bhéal maidir leis an Seachbhóthar Lasmuigh de Chathair na Gaillimhe. Chuir an Bord in iúl "nach raibh tras-scríbhinn déanta den éisteacht agus nach raibh ceann le déanamh." Chuir an Bord taifeadadh fuaime ar dlúthdiosca (CD) ar fáil d'imeachtaí na héisteachta. Chuir an t-iarratasóir in iúl don Oifig ina achomharc nach raibh sé ábalta rochtain a fháil ar an ábhar ar na CDanna a cuireadh ar fáil agus nach raibh sé sa bhformáid a lorgaíodh. Scrúdaigh m'Oifig na CDanna agus aontaíodh nach bhfuil rochtain réasúnta ar an ábhar orthu, os rud é nach bhfuil fáil go furasta ar an ríomhchlár a theastaíonn agus nár cuireadh aon treoracha ar fáil maidir le conas rochtain a fháil ar an ábhar ar an CDanna. Iarradh ar an mBord cóipeanna nua de na taifeadtaí fuaime a chur ar fáil don Oifig seo agus don iarratasóir. Bhí an Oifig seo ábalta rochtain a fháil ar an ábhar ar na CDanna ansin.

Torthaí

Déanann Airteagal 7(3) de na Rialacháin foráil chun eolas a lorg ar bhealach nó i bhfoirm ar leith seachas má tá sé ar fáil don phobal cheana féin nó go mbeadh rochtain ar bhealach eile nó i bhfoirm eile réasúnta. Cé go ndúirt an Bord nach ndearnadh aon tras-scríbhinn, thug sé gealltanas ceann a chur ar fáil, ag tagairt don taifeadadh fuaime. Níor mheas mé go raibh sé réasúnta go mbeadh ar an mBord tras- scríbhinn a ullmhú d'éisteacht 21 lá sa chás go raibh an éisteacht ar siúl go poiblí agus taifeadadh fuaime ar fáil.

Bíodh is go bhfuil freagrachtaí ar údaráis phoiblí faoin Treoir agus na Rialacháin, creidim go bhfuil dualgas ar iarratasóirí comhoibriú leis an bpróiseas freisin. Creidim gur mór an trua é nach ndearna an t-iarratasóir iarracht na deacrachtaí a bhain leis an mbun- CD a réiteach leis an mBord agus gur dhiúltaigh sé a dhearbhú do m'Oifig an raibh na CDanna nua a cuireadh ar fáil inrochtana, mar a iarradh air a dhéanamh.

Cinneadh maidir leis an achomharc

Chinn mé nach raibh ar an mBord tras-scríbhinn nach raibh aige a chur ar fáil i gcomhthéacs an cháis seo. Chinn mé gur chóir don Bhord cúiseanna a bheith tugtha acu maidir leis an bhfaisnéis a bheith á soláthar i bhfoirm eile nuair a dhiúltaigh siad don iarratas, agus gur chóir dóibh rochtain éasca ar an eolas a chinntiú sa bhformáid eile.

CEI/08/0006 – An tUasal John Colgan agus Comhairle Contae Chill Dara (an Chomhairle) – Cinneadh an 15 Márta 2010

Cúlra

Lorg an t-iarratasóir faisnéis maidir le suiteáil séaraigh trasna dhroichead na Life ag Léim an Bhradáin. Dhiúltaigh an Chomhairle don iarratas ag rá nach raibh aon fhaisnéis aici os rud é gur comhaontú príobháideach a bhí i gceist le suiteáil an tséaraigh. Rinne an t-iarratasóir achomharc chuig m'oifig agus ar deireadh tháinig an Chomhairle ar 53 comhad a bhain le hathchóiriú an droichid, cé go raibh méid teoranta ábhar ann a bhain go sainiúil leis an séarach.

San achomharc seo bhí orm fógra a sheirbheáil ar an gComhairle faoi Airteagal 12(6) de na Rialacháin, os rud é nár tháinig freagra sásúil ón gComhairle ar iarratas m'Oifige ar fhaisnéis a chuirfeadh ar a cumas leanúint ar aghaidh leis an achomharc, cé gur meabhraíodh dóibh go minic é. Ba é sin an chéad uair, agus an t-aon uair go dtí seo, a raibh orm an fhoráil sin de na Rialacháin a ghairm.

Thairg an Chomhairle deis don iarratasóir na comhaid a aithníodh a scrúdú, agus thóg sé seo roinnt mhaith ama. Ar deireadh, chinn mé go raibh scóip an iarratais réasúnta cúng, agus os rud é nach bhféadfadh m'achomharc ach amháin ábhar taobh istigh de scóip an iarratais a láimhseáil, ní raibh go leor den ábhar a d'aithin an Chomhairle ábhartha don achomharc.

I measc na gceisteanna a bhí le réiteach, bhí an méid seo a leanas:

  • cibé an raibh an fhaisnéis a bhí á lorg i seilbh na Comhairle nó i seilbh páirtí eile thar ceann na Comhairle,
  • cibé an raibh faisnéis ann nach raibh aitheanta nó scaoilte ag an gComhairle,
  • cibé an údaráis phoiblí a bhí sna conraitheoirí a d'fhostaigh an Chomhairle chun críocha na Rialachán , agus
  • cibé an raibh na heisceachtaí a d'éiligh an Chomhairle i ndáil le roinnt beag faisnéise dlisteanach.

Torthaí

Chinn mé nach raibh bunchinneadh na Comhairle, an t-iarratas a dhiúltú ar an mbunús nach raibh aon fhaisnéis chomhshaoil taobh istigh de scóip an iarratais ina seilbh, dlisteanach.

Chinn mé go raibh sé de chead ag an gComhairle, faoi Airteagal 7(5) de na Rialacháin, iarratas maidir le taifid bhreise (seachas iad siúd a cuireadh ar fáil i rith an athbhreithnithe) a dhiúltú ar an mbunús nach bhfuil an fhaisnéis sin ina seilbh.

Chinn mé, chun críocha an iarratais áirithe seo, nárbh "údaráis phoiblí" iad na conraitheoirí a bhí fostaithe ar an tionscadal de réir bhrí na Treorach agus na Rialachán.

Maidir le roinnt beag faisnéise, chinn mé nach raibh cinneadh na Comhairle rochtain a dhiúltú faoi Airteagal 8(a)(iv) agus Airteagal 9(1)(c) ar an bhforas go mbeadh drochthionchar ag nochtadh ar rúndacht, dlisteanach sa chás áirithe seo, agus threoraigh mé go scaoilfí an fhaisnéis sin.

Cinneadh maidir leis an achomharc

Chinn mé nach raibh cinneadh tosaigh na Comhairle dlisteanach.Threoraigh mé go scaoilfí méid beag faisnéise taobh istigh de scóip an bhuniarratais agus chinn mé gur bhain Airteagal 7(5) le haon fhaisnéis bhreise a áitíonn an t-iarratasóir gur chóir a bheith i seilbh na Comhairle.

Cinntí faoi Airteagal 7(5) - faisnéis nach bhfuil i seilbh

Os rud é go mbaineann gach ceann den sé chinneadh seo a leanas le hAirteagal 7(5) de na Rialacháin agus gur ón iarratasóir céanna, an tUasal Pat Swords, a tháinig siad, tá siad á gcur i láthair mar ghrúpa agam. Tá an t-achomharcóir ainmnithe agam sa chás seo os rud é go bhfuil sé curtha in iúl aige go bhfuil sé sásta go n-úsáidfí a aitheantas.

I ngach cás, chinn mé go raibh diúltú an údaráis phoiblí rochtain a chur ar fáil ar fhaisnéis a lorgaíodh dlisteanach, ar bhunús Airteagal 7(5) de na Rialacháin a dhéanann foráil d'údarás poiblí rochtain a dhiúltú ar fhaisnéis a lorgaíodh ar an mbunús nach bhfuil an fhaisnéis sin i seilbh an údaráis ná thar ceann an údaráis sin. I ngach cás, níl aon díospóid faoi ach go mbeadh faisnéis lenar bhain toradh Airteagal 7(5) i gceist faoin sainmhíniú atá ar fhaisnéis chomhshaoil sna Rialacháin agus sa Treoir, dá mbeadh sé ina seilbh.

Bhí cúig chás a bhain leis an bhforáil seo de chuid na Rialachán amháin, mar a leanas:

  • CEI/09/0016 An tUasal Pat Swords agus an Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nádúrtha – Cinneadh an 28 Meán Fómhair 2010 – gnéithe den chlár fuinnimh in-athnuaite,
  • CEI/10/0002 An tUasal Pat Swords agus An Bord Pleanála – Cinneadh an 16 Meitheamh 2010 - píblíne gáis na Coiribe agus ábhair phleanála gaolmhara,
  • CEI/10/0003 An tUasal Pat Swords agus GFT Eireann – Cinneadh an 2 Meitheamh 2010 – faisnéis thacaíochta maidir le ráitis a rinne Príomhfheidhmeannach an IDA maidir leis an gclár fuinnimh gaoithe,
  • CEI/10/0004 An tUasal Pat Swords agus EirGrid PLC – Cinneadh an 14 Meitheamh 2010 - freagra oifigiúil Eirgrid ar thuarascáil Poyry, agus
  • CEI/10/0008 An tUasal Pat Swords agus Ollscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath – Cinneadh an 2 Iúil 2010 – faisnéis thacaíochta maidir le ráitis a rinne acadóirí UCS maidir le píblíne gáis na Coiribe agus gineadh leictreachais ón ngaoth.
    Bhain an cinneadh deiridh leis an sainmhíniú ar fhaisnéis chomhshaoil freisin.

CEI 09/0015 – An tUasal Pat Swords agus RTÉ – Cinneadh an 10 Bealtaine 2010

Cúlra

Ar an 26 Deireadh Fómhair 2009, rinne an t-iarratasóir iarratas ar fhaisnéis chomhshaoil chuig RTÉ faoi na Rialacháin, ag lorg an méid seo a leanas:

  1. na critéir a úsáideann RTÉ maidir le measúnú ar thionchar comhshaoil, truailliú an chomhshaoil, riosca inghlactha, riosca neamhinghlactha, guais neamhinghlactha,
  2. cáilíochtaí phearsanra RTÉ atá ag tuairisciú ar ábhair a bhaineann le forbairt tionsclaíoch agus cur i bhfeidhm an Acquis Comhshaoil maidir le neamhchlaontacht agus cruinneas,
  3. ainmneacha agus cáilíochtaí gach taighdeora de chuid RTÉ a bhí freagrach as cláir a bhaineann le forbairt Gás na Coiribe in Iarthuaisceart Mhaigh Eo a eagrú agus a léiriú le trí bliana anuas, agus
  4. beartas RTÉ maidir lena oibleagáidí faoi Choinbhinsiún Aarhus maidir le scaipeadh faisnéise maidir leis an gcomhshaol.

Cháin an t-iarratasóir tuairisciú RTÉ ar ábhair chomhshaoil, go háirithe tuairisciú maidir le suiteáil na píblíne gáis agus an chríochfoirt i gContae Mhaigh Eo.

Ba é seasamh an iarratasóra ná gur comhlacht poiblí é RTÉ faoin Treoir (Directive 2003/4/EC) a raibh oibleagáidí air a bhaineann le scaipeadh faisnéise comhshaoil, cosúil le haighneachtaí rialaitheacha mionsonraithe arna réiteach ag an bhforbróir i gcás Ghás na Coiribe.

Ba é an seasamh atá ag RTÉ ná gur údarás poiblí é chun críocha na Rialachán ach nach gclúdaíonn an t-iarratas faisnéis chomhshaoil agus ar aon chuma nach bhfuil an fhaisnéis a lorgaítear ag 1 ná ag 4 ina sheilbh.

Torthaí

Chinn mé nach bhfuil an fhaisnéis a lorgaíodh in 1 agus 4 i seilbh RTÉ.

Chinn mé nach raibh an fhaisnéis a lorgaíodh in 2 agus 3 taobh istigh den sainmhíniú ar fhaisnéis chomhshaoil mar atá leagtha síos saTreoir agus sna Rialacháin.

Cinneadh maidir leis an achomharc

San achomharc seo, chinn mé freisin nach raibh míreanna 2 agus 3 den iarratas taobh istigh den sainmhíniú ar fhaisnéis chomhshaoil.