Oifig an Choimisinéara Faisnéise agus an Choimisinéara um Fhaisnéis Chomhshaoil
Méadóidh líon na n-achomharc Saorála Faisnéise nuair a thiocfaidh An Garda Síochána, GNBS agus comhlachtaí eile faoi raon an Achta SF, dar leis an gCoimisinéir Faisnéise nua.
Sheol an Coimisinéir Faisnéise agus Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil, Peter Tyndall, a Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 2013inniu, Dé Céadaoin, 7 Bealtaine 2014, arb í an séú tuarascáil déag í ó bunaíodh an oifig in 1998.
Is í seo an chéad Tuarascáil Bhliantúil ón gCoimisinéir Faisnéise ó cheap an tUachtarán, Micheál D. Ó hUiginn é, mí na Nollag 2013.
Déanann an Coimisinéir:
- Méadú 29% a thabhairt dá aire ar líon na n-athbhreithnithe a cuireadh i gcrích in 2013, i gcomparáid leis an mbliain 2012.
- A mheas gur dócha go mbeidh méadú suntasach ar an éileamh ar sheirbhísí a Oifige i ngeall ar an mBille um Shaoráil Faisnéise (Leasú) agus leathnú an Achta chun gach cuideachta phoiblí a chur san áireamh, lena n-áirítear cuideachtaí ar nós Bhanc Ceannais na hÉireann, GNBS, GBCN agus An Garda Síochána.
- Tuairisciú maidir le gníomhaíochtaí lena Oifig chun an fheidhmíocht a fheabhsú.
- Tuairim a nochtadh maidir le ceist an chomhaill ag na cuideachtaí poiblí agus a n-oibleagáidí faoin Acht SF.
Ar na croíchinntí a rinneadh in 2013, bhí:
- Cinneadh go raibh taifid i ndáil leis an imscrúdú a dtugtar Athbhreithniú Dhroichead Átha air 'i seilbh' na Roinne Sláinte chun críocha SF. Rinne an Roinn achomharc chun na hArd-Chúirte in aghaidh chinneadh an Choimisinéara.
- Ní bhaineann díolúine eisiúna le taifid an Gharda Síochána mar aicme ar fhoras rúndachta gan aird ar a bhfuil iontu; sa chás seo, taifead i seilbh na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionannais maidir le comhad inimirce iarratasóra.
- Taifid áirithe a eisiúint a bhaineann le cruinnithe Comh-aireachta a bhí ann níos mó ná 10 mbliana sula bhfuarthas an t-iarratas (an riail 10 mbliana mar a thugtar uirthi).
- Chinn an Coimisinéir go ndearna an Roinn Airgeadais cinneadh cuí diúltú rochtain a thabhairt ar litreacha a sheol Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpach, Jean-Claude Trichet, chuig Aire Airgeadais na linne in 2010.
- Seasadh le cinneadh a rinne an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, diúltú rochtain a thabhairt ar thaifid áirithe i ndáil le páirteanna eitlíochta a onnmharú.
An Coimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil
Baineann Cuid II den Tuarascáil Bhliantúil do 2013 le ról leithleach an Choimisinéara mar Choimisinéir um Fhaisnéis Chomhshaoil. Díríonn sí ar chinntí a rinne a Oifig maidir le hachomhairc faoi na Rialacháin um Rochtain ar Fhaisnéis maidir leis an gComhshaol (RFC), 2007 go 2011.
Déanann an Coimisinéir:
- Ar nós Thuarascáil Bhliantúil 2012, tuairim a nochtadh maidir le tionchar easpa acmhainní dóthanacha ar chumas na hOifige achomhairc a chur i gcrích go tráthúil.
- Tuairisciú maidir le teorainneacha a shainchúraim. Níl aon chumhachtaí forghníomhaithe ag an gCoimisinéir i ndáil le hAlt 5 de na Rialacháin a fhorchuireann oibleagáidí suntasacha ar údaráis phoiblí i ndáil le faisnéis chomhshaoil a bheith ar fáil.
- Tuairim a nochtadh maidir le réimse doiléire i ndáil le raon dhlínse réimse iomlán RFC. Tugann sé dá aire go bhféadfaí diúltú d'iarratas a dhéantar faoi Rialacháin RFC ar an bhforas nach iarratas ar "fhaisnéis chomhshaoil" é agus, ainneoin na hoibleagáide cúnamh a thairiscint, nach bhfuil aon mheicníocht réamhshocraithe ann chun déileáil leis an iarratas faoin Acht SF.
- Tuairim a nochtadh maidir leis an ngá le cleachtais riaracháin níos fearr a bheith ag údaráis phoiblí i leith iarratais RFC a phróiseáil.
Ar na croíchinntí a rinneadh in 2013, bhí:
- Chinn an Coimisinéir nach cinneadh cuí a rinne an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil táille a ghearradh as na costais a bhain le faisnéis chomhshaoil áirithe a chuardach agus a athfháil.
- Seasadh le cinneadh de chuid na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta diúltú d'iarratas an achomharcóra ar liosta iarratas RFC ar an bhforas nach faisnéis chomhshaoil an fhaisnéis atá i gceist de reír bhrí na Rialachán.
- Chinn an Coimisinéir gur údarás poiblí is ea Bord na Móna de réir bhrí na Rialachán agus nach foláir dó déileáil le hiarratais ar fhaisnéis chomhshaoil de réir na Rialachán.
Breis Eolais:
Stephen Rafferty, Imscrúdaitheoir Sinsearach - 01 639 5680 / 087 4110557
Rphost: stephen.rafferty@oic.gov.ie
Fiosruithe ag na Meáin Chumarsáide:
David Nutley, An tAonad Cumarsáide - 01 639 5610 / 086 0231420
Rphost: david.nutley@ombudsman.gov.ie