Cloíonn Oifig an Choimisinéara Faisnéise leis na Rialacháin maidir le Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid agus spreagann sí athúsáid na faisnéise a tháirgeann sí.

Mura sonraítear a mhalairt, is faoi chóipcheart Oifig an Choimisinéara Faisnéise atá an fhaisnéis ar fad a thugtar ar shuíomh Gréasáin Oifig an Choimisinéara Faisnéise. Is ceadmhach duit an fhaisnéis ar an suíomh Gréasáin a athúsáid saor in aisce i bhformáid ar bith. Áirítear le hathúsáid:

  • cóipeáil
  • cóipeanna a eisiúint chuig an bpobal
  • foilsiú
  • craoladh agus
  • aistriú chuig teangacha eile.

Áirítear taighde agus staidéar neamhthráchtála léi freisin.

Féadfar faisnéis agus doiciméid a fhaightear ón suíomh Gréasáin seo a atáirgeadh agus/nó a athúsáid faoi réir an cheadúnais faisnéise earnála poiblí is déanaí atá ar fáil ag Data.Gov.ie. De ghnáth, bíonn athúsáid faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas. Ní mór duit:

  • An fhoinse agus cóipcheart Oifig an Choimisinéara Faisnéise a aithint i gcásanna go soláthraíonn tú an fhaisnéis do dhaoine eile
  • An fhaisnéis a atáirgeadh go cruinn
  • Gan an fhaisnéis a úsáid ar bhealach míthreorach
  • Gan an fhaisnéis a úsáid chun na críche príomha um tháirge nó seirbhís ar leith a fhógairt nó a chur chun cinn
  • Gan an fhaisnéis a úsáid chun críocha neamhdhleathacha, mímhorálta, calaoiseacha nó mímhacánta ná chun tacú leis na críocha sin

Níl dliteanas ar Oifig an Choimisinéara Faisnéise i leith aon chaillteanais nó dliteanais atá bainteach le hathúsáid na faisnéise a thugtar ar a shuíomh Gréasáin. Cé go ndéantar dianiarracht a chinntiú gur cothrom le dáta agus cruinn atá an fhaisnéis ar an suíomh Gréasáin, ní dheimhníonn Oifig an Choimisinéara Faisnéise gur cothrom le dáta agus saor ó earráidí atá an fhaisnéis ar fad ar a suíomh Gréasáin. Ní thugann Oifig an Choimisinéara Faisnéise údarás d’aon úsáideoir cearta eisiacha a bheith aige/aici chun a cuid faisnéise a athúsáid.