Is é aidhm an Achta um Brústocaireacht a Rialáil, 2015, faisnéis a chur ar fáil don phobal faoi cé a bhfuil brústocaireacht á déanamh air agus faoi cad a bhfuil brústocaireacht á déanamh ina thaobh. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ag www.lobbying.ie.

Ceanglaítear le halt 6(4) den Acht ar gach comhlacht poiblí liosta d’oifigigh phoiblí ainmnithe an chomhlachta a fhoilsiú. Is é seo a leanas cuspóir an liosta sin:

  • daoine den phobal a chumasú daoine ar oifigigh phoiblí ainmnithe iad a shainaithint;
  • an liosta a úsáid mar acmhainn do bhrústocairí ar gá dóibh teacht ar shonraí oifigigh phoiblí shainithe agus tuairisceán don Chlár á chomhdú.

Is é Oifig an Ombudsman a chuireann an rúnaíocht don Choimisinéir Faisnéise ar fáil. Is í Elaine Cassidy Uas., an tArd-Stiúrthóir, an tOifigeach Poiblí Ainmnithe in Oifig an Ombudsman.

Imríonn an tArd-Stiúrthóir ról ceannasach san eagraíocht a riar agus a fhorbairt. Is í Oifigeach Cuntasaíochta na heagraíochta í freisin. Tá freagracht uirthi as bainistíocht laethúil na heagraíochta. Cabhraíonn sí leis an Ombudsman agus leis an gCoimisinéir Faisnéise, agus cuireann sí comhairle orthu, maidir le treo beartais straitéisigh na heagraíochta a leagan amach agus a chur chun feidhme.