Méadú 11% ar iarrataí um Shaoráil Faisnéise chuig comhlachtaí poiblí
Ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Rinneadh 41,660 iarraidh um Shaoráil Faisnéise (FOI) chuig comhlachtaí poiblí, lena n-áirítear ranna rialtais, comhlachtaí earnála sláinte agus údaráis áitiúla, in 2024 - méadú 11% i gcomparáid le 2023. Ag labhairt dó inniu [3 Iúil 2025] maidir le foilsiú na tuarascála bliantúla uaidh don bhliaiin 2024, dúirt an Coimisinéir Faisnéise, Ger Deering, gur tháinig méadú 16% ar líon na n-iarrataí ar athbhreithniú a fuarthas anuraidh ina Oifig a dhéanann athbhreithniú ar chinntí arna ndéanamh ag comhlachtaí poiblí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Déantar foráil san Acht um Shaoráil Faisnéise maidir le roinnt cearta don phobal, lena n-áirítear an ceart chun rochtain a fháil ar thaifid atá i seilbh comhlachtaí poiblí. Is é líon na n-iarrataí um Shaoráil Faisnéise a rinneadh in 2024 an líon is airde ó tugadh Acht nua um Shaoráil Faisnéise isteach in 2014, méadú 49% ó bhí 2015 ann.
Fuair FSS an líon is mó iarrataí um Shaoráil Faisnéise in 2024 (13,310) agus fuair an Roinn Coimirce Sóisialaí 2,618 iarraidh.
An líon is airde d’iarrataí um Shaoráil Faisnéise a fuair comhlachtaí poiblí in 2024: Na 4 chomhlacht is mó a fuair iarrataí
Comhlacht poiblí | 2024 | Méadú ar 2023 | |
FSS | 13,310 | +13% | |
An Roinn Coimirce Sóisialaí | 2,618 | +6% | |
TUSLA – an Ghníomhaireacht um Leanaí agus Teaghlaigh | 1,401 | +5% | |
An Roinn Cirt | 1,216 | +29% |
Fuair Oifig an Choimisinéara Faisnéise 772 iarraidh chun athbhreithniú a dhéanamh ar chinntí arna ndéanamh ag comhlachtaí poiblí faoin Acht um Shaoráil Faisnéise in 2024 - diúltú ar rochtain ar thaifid a bhí i gceist don chuid is mó. Chomh maith leis sin, thug an Oifig an líon is airde athbhreithnithe (521) chun críche ó tugadh an Acht um Shaoráil Faisnéise, 2014 isteach (méadú 11% ar 2023).
Iarrataí ar athbhreithniú arna nglacadh ag an gCoimisinéir Faisnéise in 2024: Na 4 chomhlacht is mó a fuair iarrataí
Comhlacht Poiblí | 2024 |
FSS | 129 |
An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige | 51 |
An Roinn Cirt | 36 |
Tusla - An Ghníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach | 21 |
Déantar cur síos i dtuarascáil bhliantúil ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise 2024 ar roinnt cinntí suntasacha a rinne a Oifig anuraidh:
Dheonaígh an Coimisinéir rochtain ar thaifid a bhaineann le hathdhromchlú ar bhóthar príobháideach a rinne Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh faoin Scéim Feabhsúcháin Áitiúil
Rinneadh iarraidh um Shaoráil Faisnéise chuig Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh maidir le taifid a bhaineann le hathdhromchlú ar bhóthar príobháideach a rinne Comhairle Cathrach agus Contae Luimnigh faoin Scéim Feabhsúcháin Áitiúil. Leis an Scéim Feabhsúcháin Áitiúil cuirtear maoiniú ar fáil chun cabhrú le húdaráis áitiúla oibreacha feabhsúcháin a dhéanamh ar bhóithre áirithe príobháideacha nach ndéantar a chothabháil go poiblí. Tá na húdaráis áitiúla freagrach as bóithre incháilithe a roghnú agus iad a chur in ord tosaíochta. Tá ranníocaíocht áitiúil leis an gcostas a bhaineann leis tionscadal iníoctha ag an iarratasóir deontais. Dhiúltaigh an Chomhairle rochtain ar na taifid ar an mbonn go raibh faisnéis phearsanta tríú páirtí iontu agus rinneadh achomharc i gcoinne an chinnidh sin chuig an gCoimisinéir Faisnéise.
Chinn an Coimisinéir go raibh leas suntasach ag an bpobal i nochtadh faisnéise, amhail an bonn ar a gcinneann údarás áitiúil go bhfuil aon iarratas ar leith faoin scéim feabhsúcháin áitiúil incháilithe lena chur san áireamh, an bonn ar a gcuirtear tionscadail san áireamh in aon bhliain amháin, sonraí na n-oibreacha a dhéantar agus méid na húsáide a bhaineann le hairgead poiblí ar thionscadail den sórt sin. Chinn sé go mbeadh nochtadh den sórt sin, i measc nithe eile, ina chabhair shuntasach chun maoirseacht éifeachtach a chinntiú ar chaiteachas poiblí ar scéimeanna LIS, chun a chinntiú go bhfaigheann an comhlacht poiblí luach ar airgead, chun calaois agus éilliú a chosc, chun cur amú nó mí-úsáid cistí poiblí a chosc, agus chun a chinntiú go gcaitear go cothrom le gach iarratasóir LIS. Thug sé rochtain ar fhormhór na dtaifead.
(Féach leathanach 40 den Tuarascáil Bhliantúil ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise 2024.
Tá fáil ar théacs an chinnidh ina iomláine ar www.oic.ie - Cás OIC-133560
D’ordaigh an Coimisinéir Faisnéise do RTÉ na costais taistil a bhain le baill foirne ag dul chuig Corn Domhanda FIFA na mBan san Astráil a scaoileadh
Ní bhaineann an tAcht um Shaoráil Faisnéise le RTÉ ach amháin i leith feidhmeanna áirithe dá chuid. Níl taifid a bhaineann lena feidhm cinnteoireachta eagarthóireachta san áireamh. Le linn 2024, phléigh an Coimisinéir Faisnéise le roinnt cásanna inar dhiúltaigh RTÉ sonraí faoi chaiteachas/chostais ar an mbonn gur bhain na taifid lena “chuid feidhmeanna i dtaca le cláir”. I gcás amháin orthu sin, d’ordaigh an Coimisinéir Faisnéise do RTÉ taifid a scaoileadh maidir leis an gcostas a bhain le baill foirne a chur chuig Corn Domhanda FIFA na mBan 2023 san Astráil agus sa Nua-Shéalainn a chumhdach. Áiríodh sna taifid costais taistil, lóistíne agus béilí don fhoireann a bhí i mbun an imeachta.
Chinn an Coimisinéir go raibh faisnéis sna taifid faoi chostais arna dtabhú agus arna n-íoc ag RTÉ i leith soláthar earraí agus/nó seirbhísí agus nach faisnéis a bh-í i gceist a bhain leis an bpróiseas cinnteoireachta eagarthóireachta maidir le hábhar clár nó sceideal clár. D’ordaigh sé go scaoilfí na taifid sin.
(Féach leathanach 48 den Tuarascáil Bhliantúil ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise 2024
Tá fáil ar théacs an chinnidh ina iomláine ar www.oic.ie - Cás OIC-145266
Dhiúltaigh an Coimisinéir Faisnéise rochtain a thabhairt ar thaifid lena dtaispeántar na stáisiúin ina raibh Garda lonnaithe
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, d’iarr an t-iarratasóir sonraí faoi na háiteanna ina raibh oifigeach ainmnithe de chuid na nGardaí lonnaithe le roinnt blianta anuas. Bhí imní uirthi faoin gcaoi a ndearna an Garda imscrúdú ar bhall dá teaghlach agus dúirt sí go raibh an fhaisnéis ag teastáil uaithi chun cabhrú léi athbhreithniú breithiúnach a thabhairt ar imscrúdú an Gharda Síochána.
Nuair a tháinig an cás os comhair an Choimisinéara Faisnéise, thug sé dá aire gur bhain na taifid a bhí á lorg le stair fostaíochta an Gharda Síochána. Cé nach faisnéis ‘an-íogair’ a bhí i gceist, faisnéis phearsanta de chuid an oifigigh a bhí ann. Le linn dó breithniú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil sé chun leas an phobail rochtain a thabhairt ar an bhfaisnéis, thug an Coimisinéir dá aire nach dtabharfaí chun solais trí rochtain ar an taifead aon ní maidir leis an gcaoi a ndearnadh an t-imscrúdú. Chinn sé, tríd is tríd, nach raibh leas an phobail i dtaca le deonú don iarraidh níos tábhachtaí ná leas an phobail i dtaca le cosaint chearta príobháideachta tríú páirtí.
(Féach leathanach 43 den Tuarascáil Bhliantúil ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise 2024
Tá fáil ar théacs an chinnidh ina iomláine ar www.oic.ie - Cás OIC-145129
Tá tuarascáil bhliantúil ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise do 2024 ar fáil ag www.oic.ie
CRÍOCH
Ceisteanna ó na Meáin
Dave Nutley
Ceann Cumarsáide
Oifig an Choimisinéara Faisnéise
Fón 086 412 0240
Ríomhphost: david.nutley@ombudsman.ie